Ainm Chlós Súgartha Shráid Anraí athraithe chun Comóradh a dhéanamh ar Chéad Mhéara Mná Chathair na Gaillimhe

Mayor Keane pushing Mary Byrne's grand neice on the swings at the newly namedHenry St Playground

Ainmníodh Clós Súgartha Shráid Anraí go hoifigiúil an seachtain seo caite (Dé hAoine 20 Meitheamh 2025) in onóir d’iarMhéara Chathair na Gaillimhe, Mary Byrne (1917-2004) - arbh í an chéad Mhéara mná ar Ghaillimh í, agus a raibh cónaí freisin uirthi ar Shráid Anraí. 

 

Nocht iarMhéara Chathair na Gaillimhe, an Clr Peter Keane, an t-ainm nua ag searmanas ainm agus d’fhreastail chlann Mary Byrne; cónaitheoirí áitiúla; Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomairle Cathrach na Gaillimhe; Comhalta thofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; Hildegarde Naughton TD, an tAire Stáit ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais; agus Catherine Connolly TD.

 

Ba í Mary Byrne (1917–2004) Méara Chathair na Gaillimhe ó 1975 go 1976 agus arís ó 1984 go 1985.  Chaith sí a saol ar fad i gCathair na Gaillimhe Láir - ar Shráid Anraí agus ar Saint Mary’s Road agus d’fhreastail sí ar na scoileanna áitiúla, Bunscoil na Toirbhearta agus Meánscoil an Bhóthair Aird. Fuair Mary Byrne a cuid oiliúna ina haltra i sean-Ospidéal Lárnach na cathrach. Chuaigh sí ag obair ina dhiaidh sin in Ospidéal Réigiúnach na Gaillimhe, áit a ndearnadh siúr altranais di agus ar chaith sí 22 bhliain ag obair san Aonad Timpistí agus Éigeandála. Bhí sí ina comhalta de Bhord Sláinte an Iarthair ó 1970 go 1988, ag déanamh ionadaíochta ar Altraí Ginearálta. Bhí sí ina Cathaoirleach ar Bhrainse na Gaillimhe de Chumann Altraí na hÉireann chomh maith le bheith ina ball dá Fheidhmeannas Náisiúnta ar feadh na mblianta.

 

Bhí Byrne ina ball gníomhach d'Fhianna Fáil ó na 1940idí, agus toghadh ar Bhardas na Gaillimhe i 1967 í, áit ar chaith sí ocht mbliana déag ina Comhairleoir. Ba í an chéad bhean riamh í a rith in Olltoghchán d'Fhianna Fáil i dToghcheantar Iarthar na Gaillimhe nuair a roghnaíodh í le bheith ina comhiarrthóir ag Johnny Geoghegan agus Bobby Molloy in Olltoghchán 1969. Rinne sí éacht stairiúil ar an 30 Meitheamh 1975 mar gurbh í an chéad bhean riamh í le bheith tofa ina Méara ar Chathair na Gaillimhe.  Thosaigh a céad téarma oifige i gcomhthráth le Bliain Idirnáisiúnta na mBan.

 

Toghadh arís í don téarma 1984–1985, cothrom Cúig Chéad Bliain na Méarachta. D'fhóin sí ar roinnt Bord le linn gairm fhada sa saol poiblí, lena n-áirítear Comhairle na nOspidéal agus Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe (GRETB anois). Bhí baint mhór aici leis na coistí a bhí ag tabhairt aire do dhílleachtaí i gCathair na Gaillimhe chomh maith le tacaíocht a thabhairt d'íospartaigh foréigin baile.  Bhí sí ina Cathaoirleach ar Bhord Institiúid Theicniúil na Gaillimhe go dtí gur bhásaigh sí. Bhásaigh sí ar an 16 Eanáir 2004. 

 

Ba é an Clr Frank Fahy a mhol an comóradh cathartha ag Cruinniú Iomlánach mhí Aibreáin 2025, ag rá go dtabharfadh ainmniú chlós súgartha Shráid Henry aitheantas don mhéid ollmhór a rinne Mary Byrne do Ghaillimh. Cuireadh an togra faoi bhráid an Choiste Ainmniúcháin agus Comórtha Cathartha, a mhol an t-ainmniú don Chomhairle iomlán, áit ar mholadh an t-ainm agus ar thacaigh an Clr Terry O’Flaherty agus an Clr Peter Keane leis.