Aistriú go Cearnóg na Corónach an Rogha is Tíosaí

Front Elevation, Galway City Council, Crown Square

Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe na Comhaltaí Tofa ar an eolas inniu (3 Meitheamh 2025) faoi na luachálacha neamhspleácha is déanaí ar Chearnóg na Corónach (Crown Square) ar Bhóthar Mhuine Mheá, suíomh na n-oifigí cathartha amach anseo.

Tháinig laghdú ar luacháil an fhoirgnimh, a ceannaíodh i mí na Nollag 2022, ó €36 mhilliún i dtús na bliana 2022 go €28-29 milliún amhail mhí na Bealtaine 2025. Mar sin féin, le linn shaolré 40 bliain an fhoirgnimh, táthar ag súil go mbeidh luach na maoine níos mó ná an luach ceannaigh bunaidh €36 milliún.

Arna choimisiúnú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, chuir luachálaithe Avison Young agus Power Property in iúl do na Comhaltaí Tofa go léiríonn an laghdú sin treochtaí níos leithne sa mhargadh maoine tráchtála, lena n-áirítear rátaí úis atá ag ardú, athruithe ar an éileamh atá ar oifigí tar éis COVID, costais tógála mhéadaithe, agus éiginnteacht eacnamaíochta ar fud an domhain.

In ainneoin laghdú ar an luacháil, deir oifigigh na Comhairle gurb í Cearnóg na Corónach an réiteach is costéifeachtaí do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Déanfar comhchostas measta €107 milliún a sheachaint leis an aistriú trí cheithre shuíomh oifige atá ann cheana a chomhdhlúthú i gceann amháin. Measadh go gcosnódh athchóiriú agus leathnú Halla na Cathrach ar Bhóthar an Choláiste - nach bhfuil oiriúnach don fheidhm níos mó - €69 milliún. Ina theannta sin, bheadh gá le €38 milliún eile chun baill foirne a athlonnú go sealadach chuig spás oifige oiriúnach le linn na hoibre.

Comhlíonfaidh na hoifigí cathartha nua ar Chearnóg na Corónach, oifigí atá tíosach ar fhuinneamh, caighdeáin NZEB agus deimhniú óir LEED, de réir spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Beidh saoráidí nua-aimseartha san fhoirgneamh, lena n-áirítear córais uasghrádaithe closamhairc, inrochtaineacht níos fearr don phobal, agus spás níos fearr don fhoireann agus d’imeachtaí cathartha. Táthar ag súil go mbeidh an fhoireann istigh sna hoifigí faoi R3 2026.

I gcruinniú iata an lae inniu, a tionóladh mar gheall ar íogaireachtaí tráchtála maidir leis an bpróiseas soláthair, tugadh an t-eolas is déanaí do na Comhaltaí maidir leis na chéad chéimeanna eile. Tá ceathrar conraitheoirí ar an ngearrliosta don tairiscint feistithe, atá le heisiúint i mí an Mheithimh, agus táthar ag súil le tairiscintí uathu faoi mhí Lúnasa. 

Tá blianta caite i mbun pleanála don aistriú, pleanáil a thosaigh i 2017, nuair a fuarthas i dtuarascáil Luach ar Airgead nach raibh dóthain spáis ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomparáid le húdaráis áitiúla eile. Mar thoradh ar mheasúnú iomlán na riachtanais oifige sa bhfadtéarma socraíodh spás a bheadh réidh le bogadh isteach ann a cheannach ag Cearnóg na Corónach, an rogha is tapa agus is tíosaí a measadh.

Tá an cheanncheathrú nua in áit straitéiseach nach bhfuil ach cúig nóiméad ón mótarbhealach agus bainfear tairbhe as uasghráduithe leanúnacha iompair faoi Straitéis Iompair na Gaillimhe. Tá feachtas faisnéise poiblí beartaithe roimh an aistriú i 2026, in éineacht le rannpháirtíocht leanúnach na foirne agus na gceardchumann.

Related news