An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025

Eyre Square

An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025 

Tá os cionn €137,000 i maoiniú reatha agus caipitil leithdháilte ar 91 grúpa agus eagraíocht pobail ar fud Chathair na Gaillimhe mar a d'fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, agus an tAire Stáit Jerry Buttimer.Is féidir liosta iomlán de na grúpaí a d’éirigh leo a fháil anseo.

Tá Clár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP) 2025 na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta á riar ag Coistí Forbartha Pobail Áitiúla, le tacaíocht ón Údarás Áitiúil, i ngach ceantar. Cuirtear tacaíocht chaipitil ar fáil leis an maoiniú seo atá ríthábhachtach don iliomad grúpaí agus eagraíochtaí beaga pobail, go háirithe grúpaí agus eagraíochtaí a bhíonn ag freastal ar cheantair faoi mhíbhuntáiste i gceantair faoin tuath agus i gceantair uirbeacha. 

Féach an nasc seo chun teacht ar an bpreasráiteas inar fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, na tionscadail ar éirigh leo maoiniú a fháil. 

Deontais d’Fhéilte Pobail Áitiúla 2025  

Leithdháileadh €25,000 ar 24 grúpa agus eagraíocht pobail i gCathair na Gaillimhe mar a ceadaíodh ag cruinniú na Comhairle i mí an Mheithimh. Cuireann an scéim deontais seo maoiniú ar scála beag ar fáil chun tacú le féilte, imeachtaí agus gníomhaíochtaí cultúir pobail atá á reáchtáil ag grúpaí pobail agus deonacha áitiúla chun rannpháirtíocht i bpobail ar fud Chathair na Gaillimhe a spreagadh, chun tacú leo agus chun iad a cheiliúradh.   

Is féidir liosta na bhféilte agus na n-imeachtaí rathúla a fháil anseo.

Deontas Gníomhaíochta Pobail, Cuimsithe, Athnuachana, Forbartha agus Comhshaoil (CAIRDE) 2025 

Leithdháileadh €565,000 ar 66 iarratasóir rathúla faoi scéim CAIRDE 2025 mar a ceadaíodh ag cruinniú na Comhairle i mí an Mheithimh.   Is féidir liosta de na hiarratasóirí rathúla a fháil anseo.

Rinneadh an maoiniú a ceadaíodh a leithroinnt as Buiséad Bliantúil 2025 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, mar a ghlac na Comhaltaí Tofa leis. I measc na dtionscadal ar ceadaíodh maoiniú dóibh tá:

  • Tionscnaimh forbartha pobail, tionscnaimh chultúir agus tionscnaimh faoina gcuirtear an Ghaeilge chun cinn

  • Athghiniúint spásanna poiblí agus áiseanna áitiúla

  • Tionscadail lena gcuirtear cuimsiú agus inrochtaineacht chun cinn

  • Inbhuanaitheacht chomhshaoil agus gníomhú ar son na haeráide

  • Forbairt an gheilleagair áitiúil agus na turasóireachta