
Tuilsoilsiú Beartaithe i bPáirceanna Sacair Dhabhach Uisce
De réir Chuid XI den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) agus Cuid 8, Airteagal 81, de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe leis seo fógra faoi thograí a mbaineann leis an scéim mar atá leagtha amach thíos.
Is éard a bheidh san fhorbairt bheartaithe:
(i) 24 fearas tuilsoilsithe crochta ar 9 gcolún soilsithe suite timpeall na bpáirceanna sacair atá ann cheana féin lena n-áirítear struchtúr caibinéid mioncholúin os cionn talún agus na hoibreacha láithreáin gaolmhara go léir a shuiteáil.
Tá Tuarascáil Scagthástála ar Mheasúnú Cuí (MC) déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus chinn sí nach bhfuil gá le Measúnú Iomchuí iomlán a dhéanamh maidir leis an bhforbairt bheartaithe seo.
Tá na pleananna agus na sonraí maidir leis an bhforbarit atá beartaithe ar fáil lená scrúdú ar líne ag: https://files.galwaycity.ie/gccpart8
Beidh pleananna agus sonraí na forbartha a bheartaítear ar fáil lena n-iniúchadh nó le ceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh ó:
Dé Déardaoin an 5 Meitheamh 2025 go dtí Dé hAoine an 4 Iúil 2025, an Aoine sin san áireamh, ó 9:00am go 4:00pm, Luan go hAoine (seachas Laethanta Saoire Bainc in oifigí:
• An Oifig Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh
Le haghaidh coinní, déan teagmháil le do thoil le lucht pleanála ag 091 536599 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig planning@galwaycity.ie
Is féidir aighneachtaí ar Chuid 8 Iarratas a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as tairseach ePlanning an Rialtais Áitiúil. Tá sonraí maidir le conas aighneacht a dhéanamh ag baint úsáide as an tairseach ar líne ar fáil anseo.
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir le forbairt bheartaithe Chuid 8 a dhéanamh i scríbhinn freisin chun iad seo a leanas a chur isteach tráth nach déanaí ná: roimh 4.00pm Dé hAoine an 18 Iúil 2025 chuig:
Pleanálaí Sinsearach, An Roinn Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, nó trí ríomhphost chuig planning@galwaycity.ie .
Tabhair do d’aire nach bhfuil aon táille ar Aighneacht Chuid 8 agus go bhfoilsítear gach aighneacht/breathnóireacht ar ár suíomh gréasáin agus ar an gCóras Pleanála Ar Líne.
Beidh gach tuairim, lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine a dhéanann tuairimí, a chuirfear faoi bhráid na Comhairle maidir leis an scéim mar chuid den tuairisc reachtúil a éilítear a chur i láthair ag cruinniú de na comhaltaí tofa. Dá réir sin, féadfar iad a chur san áireamh freisin i miontuairiscí an chruinnithe sin agus féadfaidh siad a bheith san fhearann poiblí. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi réir fhorálacha um shaoráil faisnéise (na hAchtanna um SF 1997 agus 2014) agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2013.
Arna dhátú: Dé Déardaoin an 5 Meitheamh 2025
Patrick Greene
Stiúrthóir Seirbhísí
Forbairt Oibríochtúil