An tEolas is Déanaí maidir le Soilse Poiblí

Aerial of city at night

 

Rinne Storm Éowyn damáiste ollmhór ar fud na tíre i mí Eanáir 2025.

 

Rinneadh damáiste mór do choillearnacha, do línte cumhachta, do pháirceanna, do pháirceanna imeartha, do shoilse poiblí agus do chórais soilse tráchta, i measc nithe eile, i gCathair na Gaillimhe. 

 

Tar éis na stoirme, as na mílte soilse poiblí a ndearnadh damáiste dóibh, níor cheadaigh BSL caoi a chur ar na soilse i dtuairim is 9 n-eastát i gCathair na Gaillimhe go dtí go mbeadh obair bhonneagair de réir na gcaighdeán curtha i gcrích.

 

Níl cead aon obair dheisiúcháin a dhéanamh nuair a tharlaíonn fabht ar an seanbhonneagar seo faoi rialacháin BSL agus Safe Electric.

 

Tá obair mhór éigeandála curtha i gcrích in 6 eastát go dtí seo.

 

Tá an obair críochnaithe agus an chumhacht tugtha ar ais arís chuig 6 eastát ar an iomlán agus cuireadh tús leis an obair sna 3 eastát eile an 08/12/25.

Is gá comhordú a dhéanamh le conraitheoir agus le BSL chun an obair a dhéanamh.

 

Fabht a Thuairisciú

Is féidir leat fabhtanna maidir le soilse poiblí a thuairisciú agus an stádas reatha a sheiceáil ar https://electricskyline.ie/report-a-fault-public-lighting/