Athrú Beartaithe Uimh. 2 - ar Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023 - 2029

Photograph of City Hall

 

Tugtar fógra leis seo de bhun Alt 13 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, arb í an tÚdarás Pleanála don Chathair í, athrú a dhéanamh ar Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023 – 2029 i leith na nithe seo a leanas:

Athrú Beartaithe Uimh. 2 – Athbhreithniú ar thailte gan criosú de réir Ordú ón Aire.  Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe (CCG) leasú a dhéanamh ar stádas criosaithe na dtailte nár criosaíodh roimhe seo toisc go measann CCG gur chóir go mbeadh gach talamh sa chathair faoi réir cuspóir criosaithe úsáide talún. Tugann criosú soiléireacht agus leibhéal cinnteachta d'úinéirí talún agus do thríú páirtithe chun úsáid reatha agus forbairt fhéideartha na dtailte ábhartha amach anseo a mheas. 

Tá cóip de na tuarascálacha scagtha ar na hAthruithe Beartaithe, MST (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) agus MC (Measúnacht Chuí) ar fáil le féachaint orthu agus le híoslódáil ag  consult.galwaycity.ie

Mairfidh tréimhse an chomhairliúcháin phoiblí ón Aoine an 28 Samhain 2025 go dtí an Luain an 5 Eanáir 2026

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh:

  • Trí úsáid a bhaint as an tairseach aighneachta ar líne tar éis clárú ag consult.galwaycity.ie

  • Ar ríomhphost chuig devplan@galwaycity.ie agus

  • Sa phost chuig An Pleanálaí Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8.

Cuirfidh an Chomhairle Cathrach iad sin san áireamh sula ndéanfar aon chinneadh maidir leis na hAthruithe Beartaithe. 4pm Luain an 5 Eanáir 2026 an dáta deiridh chun aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn a chur faoi bhráid.

Dóibh siúd nach bhfuil teacht acu ar an idirlíon, beidh cáipéisí ar fáil freisin lena scrúdú sa Rannóg Pleanála le linn gnáthuaireanta oscailte ach coinne a dhéanamh roimh ré. Déan teagmháil le (091) 536400 má tá aon cheist agat nó más mian leat coinne a shocrú. 

Beidh cáipéisí ar fáil freisin le linn thréimhse an chomhairliúcháin sna háiteanna seo a leanas:

Leabharlann Chathair na Gaillimhe, Sráid Naomh Agaistín. Teil: (091) 509094                           

Leabharlann an Bhaile Bháin, Bóthar Pháirc an Chaisleáin, an Baile Bán.

Teil: (091) 509244                           

Leabharlann an Taoibh Thiar, Bóthar Shéamais Uí Chuirc, Gaillimh.  Teil: (091) 509091

Ionad Pobail Chnoc na Cathrach, Páirc na Ceapaí.               Teil: (091) 867594                           

Ionad Pobail Bhaile an Phoil/An Caisleán Gearr, Bóthar Áth Cinn. Teil: (091) 429 620               

Tabhair faoi deara go bhféadfadh uaireanta oscailte srianta a bheith sna hionaid sin.

Arna shíniú ag:  

Patricia Philbin, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha Uirbeacha