Bain Sult as an Aimsir Bhreá san Iarthar an Deireadh Seachtaine seo - agus Ná Fág Aon Lorg!

Litter Management Unit and Mayor at Claddagh

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh do dhaoine sult a bhaint as an aimsir mhaith atá geallta an deireadh seachtaine seo sa gcathair - agus, fad atá siad ann, a bheith ‘Bródúil as an Áit Seo, Ná Fág Aon Lorg’. Agus an samhradh linn agus séasúr na bhféilte faoi lán seoil, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh ar dhaoine an bosca bruscair a úsáid nó bruscar a thabhairt abhaile leo. 

Nuair a bhí aimsir bhreá againn níos luaithe i mbliana, in Abhantrach an Chladaigh go háirithe, bhí Aonad Bainistíochta Bruscair Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag tosú ag obair ag 5am agus is éard a bhí rompu ná stráicí fada de bhuidéil ghloine, cupáin chaife, cumhdaigh bia, cannaí, agus dramhaíl eile caite ar fud na háite - i bhfoisceacht cúpla méadar de bhosca bruscair a bhí folamh, uaireanta. 

Chomh maith le drochbhail a fhágáil ar an áit, bíonn tionchar aige ar fhiadhúlra agus ar uiscí Chuan na Gaillimhe agus níos faide i gcéin nuair a théann an bruscar seo isteach inár n-uiscebhealaí. 

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Is iontach an áit í Cathair na Gaillimhe le bheith sa samhradh - chun bualadh le cairde, chun scíth a ligean, agus chun an chathair ar fad a shú isteach. Tá ríméad orainn ar fad go bhfuil aimsir bhreá ar an mbealach arís, agus daoine amuigh agus iad ag baint taitneamh as an gcathair. Táimid ag iarraidh ar dhaoine atá ag sóisialú sa gcathair cúnamh a thabhairt dúinn aire a thabhairt dár gcathair, trí ‘gan aon lorg a fhágáil’. Má tá bruscar agat, bíodh sé ina chupán caife, ina chlúdach ceapaire nó ina bhuidéal deochanna - cuir sa mbosca bruscair é, nó tabhair leat é - tabhair abhaile é nó cuir i mbosca bruscair eile é”. 

Beidh físeán beo ar na meáin shóisialta inniu a thaispeánann an méid bruscair a bhíonn le glanadh suas ag an Aonad Bainistíochta Bruscair, sula bhfillfidh an aimsir bhreá. 

Beidh tuilleadh teachtaireachtaí le feiceáil ‘ar an tsráid’ maidir le bruscar sa gCladach/sa bPóirse Caoch sna seachtainí amach romhainn, i gcomhar le gnólachtaí áitiúla agus leis an nGarda Síochána. Tá an feachtas seo ann chun a mheabhrú do dhaoine taitneamh a bhaint as a gcuid ama i nGaillimh, ach gan ligean don leisciúlacht nó don neamhaire ár gcathair a mhilleadh. 

Féach ar an bhfíseán ar chuntais meán sóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Facebook, Instagram, TikTok, Linkedin).