Beocht i gCathair na Gaillimhe don Oíche Chultúir le hos cionn 75 imeacht SAOR IN AISCE!

photo credit @murtography

Sa phictiúr ó chlé go deas: Jason Craughwell, Comhpháirtíocht Spóirt; Louise Osbourne, Comhordaitheoir Féilte agus Imeachtaí; Megs Morley, Stiúrthóir agus Coimeádaí Ionad Ealaíon; Kate McBrearty, Léiritheoir - An Taibhdhearc; Ruth Mulhern, Oifigeach Ealaíon, Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne/Comh-POF - An Taibhdhearc; Sharon Spellman, Oifig na nEalaíon; Deirdre Headd, Oifig na nEalaíon; Declan Burke, Oifigeach Cathracha Gníomhacha. Creidiúint grianghraf @murtography

 

Tá áthas ar an Oifig Ealaíon i gComhairle Cathrach na Gaillimhe an clár imeachtaí seo atá curtha i dtoll a chéile acu agus atá maoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe araon a chur i láthair. 

Dé hAoine, an 19 Meán Fómhair a bheidh Oíche Chultúir 2025 ar siúl. Tá fáilte roimh chách! 

Beidh an chathair ar fad lán le gníomhaíochtaí cultúir, agus os cionn 75 ócáid an-speisialta agus uathúil ar siúl in ionaid éagsúla agus i spásanna poiblí na cathrach. 

Feicfidh an lucht spéise athrú mór ar na sráideanna, amharclannaíocht sráide nuálach as Gaeilge, damhsaí céilí amuigh faoin aer, sorcas agus spleodracht, cuisle na ndrumaí trí shráideanna na Gaillimhe, ceiliúradh ar húicéirí na Gaillimhe in abhantrach an Chladaigh, na hamharc-ealaíona, spleodracht agus go leor eile. 

Is féidir leis an lucht freastail a n-eispéireas féin den Oíche Chultúir a chruthú trí roghnú páirt a ghlacadh nó bheith ag faire, agus beidh líníocht bheo, ealaín sráide, damhsa, ceol agus amharclannaíocht ar bun. Beidh neart deiseanna ann chun rudaí nua a fhoghlaim. 

 

photo credit @murtography

Sa phictiúr ó chlé go deas - Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne/Comh-POF - An Taibhdhearc; Ruth Mulhern, Oifigeach Ealaíon; Alan Cheevers, Méara Chathair na Gaillimhe, Megs Morley, Stiúrthóir agus Coimeádaí an Ionaid Ealaíon; Kate McBrearty, Léiritheoir - An Taibhdhearc. Creidiúint grianghraf @murtography

Gheobhaidh na rannpháirtithe tuiscint níos fearr ar phobail na Gaillimhe agus ar ghné bhríomhar ilchultúrtha na cathrach s’againne cois cósta, beidh ár gcultúir áitiúla i lár an aonaigh agus beidh siad ábalta taithí a fháil freisin ar éagsúlacht na léirithe cruthaitheacha lenár bpobail idirnáisiúnta. 

Beidh imeachtaí ar siúl ón 4pm go dtí níos déanaí san oíche inár gclár ‘Airneán na hOíche Cultúir’.

Chomh maith leis sin, roghnaíodh Cathair na Gaillimhe mar shuíomh óna mbeidh Oíche Chultúir Beo á chraoladh don cheiliúradh 20 bliain seo. Beidh clár dinimiciúil ina gcuirfear béim ar Ghaillimh agus ar lucht cruthaitheachta ó níos faide i gcéin ar RTÉ agus RTÉ Player ón 8pm. 

Is féidir liosta iomlán na n-imeachtaí a fháil anseo: culturenight.ie/galway-city