Reáchtáladh Gradaim Chomórtas ‘Spásanna don Bhithéagsúlacht’ Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Dé Luain an 15 Nollaig in Óstán an Connaught. Tá an comórtas á eagrú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun aitheantas agus ceiliúradh a dhéanamh ar iarrachtaí cónaitheoirí ar fud na cathrach tús áite a thabhairt don bhithéagsúlacht ina ngairdíní, ina n-eastáit agus ina limistéir phoiblí. Bhí an Comhairleoir Helen Ogbu i láthair chun na duaiseanna a bhronnadh.
Tá fás agus forbairt tagtha ar an gcomórtas le blianta beaga anuas, agus anuraidh chonacthas athrú i dtreo feasacht a ardú agus léirthuiscint a mhúscailt maidir leis na tairbhí éiceolaíocha agus folláine araon a bhaineann le glacadh leis an mbithéagsúlacht. Léiríodh an tsamhlaíocht cheart i gcomórtas na bliana seo le roinnt samplaí iontacha de mhuintir na Gaillimhe a bhíonn ag bainistiú a ngairdíní féin chun an bhithéagsúlacht a spreagadh agus chun cur le hacmhainneacht na gceantar sin gníomhú ina gconairí éiceolaíocha don chathair i gcoitinne.
Bunscoil Naomh Pádraig a thug leo an gradam do chatagóir na scoileanna agus thug an moltóir dá aire an chaoi a ndearna an scoil gnáthóg pailneoirí thar barr ar fad de thailte uirbeacha na scoile. Chomh maith leis sin, bhí cór iontach na scoile ann chun carúil na Nollag a chasadh do na daoine a bhí i láthair agus spiorad na féile a spreagadh.
Dúirt comhordaitheoir an chomórtais, Oifigeach Feasachta Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Fergal Cushen, ‘Tugtar aitheantas leis an gcomórtas seo don obair a dhéanann daoine aonair agus an pobal chun an bhithéagsúlacht a fheabhsú ar fud na cathrach mar aon leis an obair sin a chur chun cinn. Ní féidir linn beag is fiú a dhéanamh de luach na ngairdíní maidir le nideoga a chur ar fáil don dúlra, go háirithe inár spásanna uirbeacha. Is léiriú é gach iontráil ar an méid is féidir a dhéanamh nuair a dhéantar tearmainn don dúlra dár spásanna príobháideacha.’
Dúirt an Comhairleoir Helen Ogbu, “Is mór an onóir dom na teastais seo a bhronnadh ar na buaiteoirí agus tá bród agus meas as cuimse léirithe ag gach buaiteoir don timpeallacht nádúrtha agus do chathair na Gaillimhe araon. Maidir leis na hiontrálacha go léir, léirigh garraíodóirí go bhfuil siad ag iarraidh bithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú laistigh dár gcathair agus go bhfuil siad sásta a gceantair féin a chur in oiriúint ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht.”
Léirigh na hiontrálacha go léir spásanna do ghnáthóga éagsúla trí phlandaí éagsúla atá neamhdhíobhálach do phailneoirí agus d’éin, locháin fiadhúlra, paistí torthaí agus glasraí agus neart spotaí a d’fheilfeadh d’ainmhithe beaga agus d’fheithidí dul i bhfolach iontu.
Bhí an bua tuillte go maith ag Gairdín Pobail Choillte Mhuirlinne sa chatagóir ‘Tionscadal Grúpa Pobail’ agus dúradh gur sampla ar leith a bhí ann de bhithéagsúlacht pobail agus de mhaoirseacht pobail.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gcomórtas ar https://www.galwaycity.ie/spaces-for-biodiversity
Liosta Buaiteoirí Spásanna don Bhithéagsúlacht 2025 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
Spásanna PRÍOBHÁIDEACHA Cónaithe
An Baile Bán
1ú hÁit Mary Delany
Bóthar Áth Cinn
1ú hÁit Sean Hynes
Cnoc na Cathrach
1ú hÁit Aideen Ward
Rathún
1ú hÁit Alan Sixsmith
An Rinn Mhór
1ú hÁit Tony Kelly
Bóthar na Trá
1ú hÁit Mary Hodkinson/Ciaran Ryan (Buaiteoir Foriomlán)
Seantalamh
1ú hÁit Hannah Kelly
Páirc na Coiribe/An Caisleán Nua
1ú hÁit Conor Grennan
Buaiteoirí FORIOMLÁNA na gCatagóirí
An Gairdín Tosaigh is Fearr ar an Iomlán Mary Hodkinson/Ciaran Ryan
Na Boscaí Fuinneoige is Fearr Niamh Hegarty
Níos lú ná 50 Teach Páirc Choill an Locha, Bóthar na Díge.
50-200 Teach Garrán Pháirc an Tobair
Buaiteoir: Bunscoil Naomh Pádraig
Tionscadal Grúpa Pobail:
Buaiteoir: Grúpa Garraíodóireachta Ard – Gairdín Pobail Choillte Mhuirlinne