“Bíodh Cion agat ar do Mhadra, Bíodh Cion agat ar do Chathair” - Úinéireacht Madraí Fhreagrach á cur chun cinn ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Officials posing for picture with signs and a dog

Tá a feachtas ‘Bíodh Cion agat ar do Mhadra, Bíodh Cion agat ar do Chathair’ - tionscnamh pobalbhunaithe ag cur úinéireacht madraí fhreagrach chun cinn trí oideachas agus trí ghníomhaíocht chomhroinnte seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Cuirtear i gcuimhne d’úinéirí madraí ar fud na Gaillimhe an ról ríthábhachtach atá acu spásanna poiblí a choinneáil glan, sábháilte agus taitneamhach do chách. Is í príomhtheachtaireacht an fheachtais go bhfuil cion againn ar fad ar ár gcuid madraí agus go dtuigeann muid chomh tábhachtach is atá siad don mheabharshláinte agus chun muid a chur amach faoin aer - ach caithfear aire a thabhairt dár gcuid madraí ar mhaithe le haire a thabhairt do thimpeallacht na cathrach freisin.

Iarrtar ar úinéirí madraí gníomhaíochtaí simplí a dhéanamh mar chuid den fheachtas, mar shampla, glanadh suas i ndiaidh an mhadra, agus an dramhaíl a chur i mbosca bruscair atá in aice láimhe, nó í a thabhairt abhaile mura bhfuil bosca bruscair ann.

Seolfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe sraith d'fhíseáin bheochana ar na meáin shóisialta, ina mbeidh leideanna agus ina dtarraingeofar aird ar atá i gceist le húinéireacht madraí, ar bhealach dearfach a dhéanann ceiliúradh ar an gceangal a bhíonn idir daoine agus a gcuid peataí. Leantar freisin de bheith ag comhoibriú le MADRA chun ceardlanna ar úinéireacht fhreagrach madraí a mhaoiniú i mbunscoileanna áitiúla.

Dúirt Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Alan Cheevers, “Cuirtear i gcuimhne do dhaoine leis an bhfeachtas iontach seo gur ionann cion a bheith agat ar do mhadra agus cion a bheith agat do do chathair freisin. Tá ról ag gach úinéir madraí Gaillimh a choinneáil glan, sábháilte agus taitneamhach do chách. Mar a deir an nath cainte, “Níl ar an mhadra atá an locht nuair a bhíonn sé á mhí-iompar féin, is ortsa atá sé”. Trí a bheith ag glanadh suas i ndiaidh ár gcuid peataí, cosnaímid an tsláinte phoiblí, tacaímid leis an mbithéagsúlacht agus léirímid go bhfuil meas againn ar ár gcomharsan agus ar spásanna comhroinnte.”

Feicfidh daoine Maoir Madraí Chathair na Gaillimhe ar patról i gcaitheamh an tsamhraidh ar Thrá Bhaile an Locháin, Trá Grattan, Bóthar na Trá agus Trá na gCeann - áiteanna nach bhfuil madraí ceadaithe ó 9am go 8pm ón 15 Bealtaine go dtí an 15 Meán Fómhair, le linn an tséasúir snámha.

Níor cheart go mbeadh a gcomhairle féin ag madraí i bpáirceanna ná in áiteanna poiblí sa gcathair, agus ba cheart smacht a bheith ag úinéirí ar a gcuid madraí an t-am ar fad. 

Dúirt Fergal Cushen, Oifigeach Feasachta Comhshaoil, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá roinnt fodhlíthe a bhaineann le madraí i bhfeidhm i gCathair na Gaillimhe ar mhaithe lenár gcuid tránna agus spásanna poiblí a chosaint - ní hamháin don timpeallacht, ach ar mhaithe lenár sláinte féin freisin. Tá na billiúin de bhaictéir bhachaillín drólannach faecach i ndramhaíl madraí - i bhfad níos mó ná ainmhithe eile - agus baineann rioscaí tromchúiseacha sláinte leis sin do leanaí, do dhaoine fásta agus don fhiadhúlra áitiúil, chomh maith le bróga agus rothaí bugaithe agus cathaoireacha rothaí a shalú. Is féidir le madraí a bhíonn scaoilte i spásanna poiblí an-strus a chur freisin ar dhaoine nach bhfuil taithí acu ar mhadraí nó nach bhfuil compordach timpeall orthu. Is breá linn ar fad a bheith ag siúl ar an trá - agus gaineamh a bheith faoin gcos agus na lapaí, ach tá na fodhlíthe i bhfeidhm chun an dúlra agus an pobal a chosaint. D’fhéadfadh fógra ‘ná téigh ag snámh’ fiú a bheith mar thoradh ar shalú madraí agus d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh do stádas na Brataí Goirme, tríd an uisce a éilliú nuair a théann dramhaíl ar an trá amach san fharraige”. 

I staidéar de chuid an Aontais Eorpaigh a rinne Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, inar díríodh ar thruailliú faecach i gCuan Bhaile Átha Cliath, fuarthas amach go bhféadfadh salachar amháin madra limistéar uisce (0.5 ar dhoimhneacht) atá thart ar an méid céanna le cúirt leadóige a theip. (Acclimatize 2017-2023). Má ghlanaimid suas i ndiaidh ár gcuid madraí, cosnaímid an tsláinte phoiblí agus coinnímid ár gcuid páirceanna, cosán, tránna, agus comharsanachtaí glan. 

Mar chuid den fheachtas ‘Bíodh Cion agat ar do Mhadra, Bíodh Cion agat ar do Chathair’, níos luaithe i mbliana, chuaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le MADRA, chun os cionn 60 ceardlann faoi úinéireacht fhreagrach madraí a mhaoiniú i mbunscoileanna áitiúla ar fud na cathrach - ar iontach an léiriú é sin ar an bhfonn atá ar dhaoine eolas a fháil faoin gcaoi le haire a thabhairt do mhadraí i gCathair na Gaillimhe. D’fhoghlaim na daltaí faoi mhicrishliseanna, salú madraí, madraí a bhíonn scaoilte den iall, agus an chaoi le cumarsáid a dhéanamh le madraí agus a gcuid iompar a thuiscint. 

Beidh oibrithe deonacha ar fud na cathrach ag líonadh na ndáileoirí le ‘málaí do shalachar madraí’ i gceantair ghnóthacha, agus ag scaipeadh na teachtaireachta ‘Bíodh Cion agat ar do Mhadra, Bíodh Cion agat ar do Chathair’ ar sheaicéid shofheicthe a bheidh á gcaitheamh ag madraí chun aird a tharraingt ar an bhfeachtas. Coinnigh súil ar na leathanaigh meán sóisialta le bheith sa seans veisteanna sofheicthe do mhadraí a bhuachan a choinneoidh do mhadra deas feiceálach agus tirim agus é amuigh ag siúl!

Molann Comhairle Cathrach na Gaillimhe do gach duine páirt a ghlacadh, an scéal a scaipeadh agus a bheith bródúil as gníomhartha beaga a dhéanann difríocht mhór.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Comhairle Cathrach na Gaillimhe (ar Facebook, Instagram agus Tiktok) agus https://www.GalwayCity.ie/Services/Environment/Environment-Services/Control-of-Dogs