
Le haghaidh Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta, tá clár spreagúil imeachtaí ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe do mhuintir na Gaillimhe chun an bhithéagsúlacht a cheiliúradh agus chun nascadh leis an dúlra ina gceantar áitiúil le linn Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta 2025. Beidh na himeachtaí ar siúl ó 14-23 Bealtaine.
Beidh imeachtaí ar siúl ar fud na Cathrach ar nós siúlóidí bithéagsúlachta, cainteanna spraíúla ar na speicis phlandaí, feithidí agus ainmhithe a thaithíonn daoine agus iad sin nach bhfuil an oiread sin eolas ag daoine orthu sa tírdhreach agus ceardlanna dóibh siúd atá ag iarraidh dul i ngiorracht don dúlra. Cuirfear rud éigin ar fáil do chách!
Paula Kearney - Oifigeach Bithéagsúlachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe
“Cuireann Seachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta rud éigin ar fáil do gach duine a bheith fiáin agus spraoi a bheith acu ag nascadh leis an dúlra ina gceantar áitiúil. Molaim do gach duine breathnú ar an suíomh Gréasáin féachaint cad atá ar siúl go háitiúil, páirt a ghlacadh i gceann amháin nó níos mó de na himeachtaí saor in aisce agus eolas a fháil faoin obair atá á déanamh ag eagraíochtaí ar fud na Cathrach chun ár ndúlra a chosaint agus a chaomhnú. Nuair a chaithimid am sa dúlra, ní théann luach ár n-oidhreacht nádúrtha i ngan fhios dúinn. Is éard atá i gceist le seachtain na bithéagsúlachta ná athcheangal a dhéanamh leis an dúlra, meas a chothú air, agus ár gcion a dhéanamh chun é a chosaint.”
Tá Seachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta á comhordú ag Líonra Comhshaoil na hÉireann agus á maoiniú ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is é cuspóir na seachtaine ná rannpháirtíocht an phobail i raon gníomhaíochtaí a bhaineann leis an dúlra, agus feasacht níos fearr a ghiniúint ar dúlra na hÉireann ag leibhéal áitiúil. Orthu siúd a reachtáfaidh imeachtaí tá grúpaí pobail, soláthraithe oideachais, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saineolaithe dúlra chun tuiscint níos fearr a chruthú ar an dúlra agus a gcuid saineolais maidir le gnáthóga, speicis phlandaí agus ainmhithe agus éiceachórais na hÉireann a roinnt linn.
Chun clár iomlán na n-imeachtaí a fháil, féach thíos nó tabhair cuairt ar www.GalwayCity.ie/BiodiversityWeek2025
Teideal Íomhá: Íomhánna ó Seachtain na Bithéagsúlachta 2024.
Áirithint
Cruinniú Bliantúil Dumhcha Gainimh -Trá Grattan, 17 Bealtine, 10am - 4in
Wild Justice 20 Bealtine, 7:30pm (doirse 7pm)
Léigh Níos Mo:
Renville Park Bioblitz - 22/ 23 Bealtine