Bonn Óir faighte ag Cathair na Gaillimhe i gComórtas Náisiúnta Bailte Slachtmhara Supervalu 2025

Street cleaning

Bronnadh Bonn Óir ar Chathair na Gaillimhe ag Comórtas Náisiúnta Bailte Slachtmhara SuperValu 2025 Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath – rud a léirigh go raibh feabhas mór tagtha ar scóir na bliana roimhe sin agus a thug aitheantas don obair gan staonadh a rinne Coiste Bailte Slachtmhara Chathair na Gaillimhe, oibrithe deonacha, gnólachtaí i lár na cathrach, agus foirne Bainistíochta Bruscair Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, an tOifigeach Bithéagsúlachta agus an fhoireann Comhshaoil. 

Ar Chora Droma Rúisc i Liatroim a bronnadh an duais mhór, Baile is Slachtmhaire 2025, le 400 pointe.  Ní raibh Lár Chathair na Gaillimhe i bhfad as marc agus bronnadh 376 phointe air in 2025.  Is é seo an chéad bhonn óir atá buaite ag Lár Chathair na Gaillimhe i gComórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara, tar éis trí bhonn cré-umha agus ceithre bhonn airgid a bhaint amach sa gcomórtas roimhe seo. 

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Mike Cubbard; “Is iontach an rud é aitheantas a fháil do Chathair na Gaillimhe i gComórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara agus bonn óir buaite againn i mbliana.  Bíonn foirne na Comhairle amuigh ar na sráideanna ó 5am gach maidin chun an chathair a fháil faoi réir le haghaidh lá nua – agus bíonn níochán cumhachta, folmhú agus bailiú boscaí bruscair, agus tionscnaimh maidir leis an mbithéagsúlacht agus leis an oideachas comhshaoil ar siúl i rith na bliana. Is cúis bhróid do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe dul i gcomhpháirtíocht le gnólachtaí agus oibrithe deonacha réamhghníomhacha choiste Bailte Slachtmhara Chathair na Gaillimhe chun an t-iarratas a dhéanamh thar ceann na cathrach, agus is iontach an rud é go bhfuil aitheantas faighte go náisiúnta anois againn ar an obair seo”. 

Dúirt Cathaoirleach Choiste Bailte Slachtmhara Lár Chathair na Gaillimhe, An Clr  Níall McNelis; “Tá ríméad orm go bhfuil aitheantas tugtha d’obair mhór Choiste na mBailte Slachtmhara, na ngnólachtaí áitiúla agus Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i scóir na bliana seo.  Léiríodh in iarratas na bliana seo ó choiste na mBailte Slachtmhara an chruthaitheacht inár spásanna poiblí agus an obair atá déanta ar an mbithéagsúlacht inár bpáirceanna.  Táim ag súil le méadú a fheiceáil ar ár scóir arís i gcomórtas na bliana seo chugainn agus obair mhór Choiste na mBailte Slachtmhara agus gach duine eile a bhíonn páirteach ann ag leanúint ar aghaidh.”

Is comórtas náisiúnta é comórtas na mBailte Slachtmhara a eagraíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Leanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe de bheith ag tacú le hobair iontach choiste na mBailte Slachtmhara - léiríonn an comórtas rannpháirtíocht dhearfach an phobail, le gnólachtaí, cónaitheoirí, grúpaí pobail, scoileanna, coláistí agus grúpaí comhshaoil ag comhoibriú le chéile chun aire a thabhairt do Chathair na Gaillimhe.  

929 baile a bhí san iomaíocht i mbliana féachaint leis an ngradam mór le rá a thabhairt leo agus léiríonn sé sin an spéis ollmhór náisiúnta leanúnach atá i gcomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu, atá ar siúl ó 1958 i leith.  Is é sin an líon is mó iontrálacha a fuarthas riamh i stair an chomórtais.