Tá sé fógartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil vótáil phoiblí do Bhuiséad Rannpháirtíochta Pobail 2026 i Lár Chathair na Gaillimhe oscailte anois.
Rinne Comhairleoirí Ceantair agus foireann na Comhairle measúnú ar na tograí a cuireadh isteach bunaithe ar leas pobail agus ar fhéidearthacht. Seo thíos achoimre ar na tionscadail ar an ngearrliosta. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh don phobal anois cinneadh a dhéanamh faoin togra is mó a rachaidh chun tairbhe don phobal áitiúil.
Tionscadal Uimhir 1 – Tionscadal Feabhsúcháin Inrochtaineachta, an Taobh Thiar Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo feabhas a chur ar rochtain agus ar shoghluaisteacht coisithe i gceantar an Taoibh Thiar. Tá an fócas ar chonairí agus ar thrasrianta níos sábháilte, níos cuimsithí a chruthú, agus a chinntiú gur féidir le cónaitheoirí a bhfuil dúshláin soghluaisteachta acu bogadh thart sa gceantar go héasca agus go neamhspleách.
Tionscadal Uimhir 2 – Suíocháin Spraíúla, Páirc Mílaoise na bPáistí agus Clós Súgartha Mary Byrne
Molann an tionscnamh seo suíocháin spraíúla, atá dírithe ar an óige a shuiteáil in dhá pháirc lárnacha phoiblí. Cuirfidh na suíocháin spás fáilteach ar fáil do leanaí chun bailiú le chéile, nascadh agus páirt a ghlacadh in idirghníomhaíochtaí sóisialta dearfacha, ag tacú le cuimsitheacht agus le spiorad pobail.
Tionscadal Uimhir 3 – Síneadh Múrmhaisithe agus Feabhsú Soilsithe, Bóithrín an Chabáiste, An Bóthar Mór
Togra faoi stiúir an phobail chun an múrphictiúr atá ann cheana ar Bhóithrín an Chabáiste a leathnú agus soilsiú poiblí a fheabhsú. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal feabhas a chur ar chuma agus ar shábháilteacht an cheantair, cruthaitheacht áitiúil a cheiliúradh agus ag an am céanna an spás a dhéanamh níos tarraingtí do chónaitheoirí agus do chuairteoirí.
Tionscadal Uimhir 4 – Uasghrádú ar Limistéar Glas, Páirc Sliding Rock, Seantalamh
Is é atá i gceist leis an tionscadal seo cúirt Boules na Fraince (Pétanque) a shuiteáil, chomh maith le feabhsúcháin tírdhreachaithe ar nós binsí, crann agus ceapacha bláthanna. Dearadh na huasghráduithe chun caitheamh aimsire lasmuigh a spreagadh agus spás glas beoga fáilteach a chruthú don phobal.
Sonraí Vótála
Osclófar vótáil ar líne ón 24 Samhain ag 9am. Is féidir leat do vóta a chaitheamh ar son an tionscadail is fearr leat tríd an nasc seo a leanas: https://submit.link/4nO
Dúnfar an vótáil ar an 19 Nollaig ag 4pm.
Fógrófar an tionscadal leis an líon is mó vótaí i mí Eanáir agus cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcrích é in 2026.