
Tiocfaidh an Cháin nua ar Thalamh atá Criosaithe do Thithe Cónaithe, atá dírithe ar sholáthar tithíochta a mhéadú, i bhfeidhm an 1 Feabhra.
Tá léarscáileanna 2025 foilsithe ag údaráis áitiúla ar a dtugtar tailte atá criosaithe do thithe cónaithe nó d’úsáid mheasctha le fios, ar tailte iad atá faoi dhliteanas na cánach seo i mbliana.
Is féidir le húinéirí a bhfuil talamh acu ar léarscáileanna 2025 iarraidh athchriosaithe a dhéanamh. Beidh tú ábalta díolúine bhliana a lorg ón gcáin ach fianaise a bheith agat go bhfuil an iarraidh sin déanta agat.
Tá dréachtléarscáileanna ar a dtugtar tailte a d’fhéadfadh a bheith faoi réir na cánach in 2026 le fios foilsithe freisin. Is féidir aighneachtaí a chur ar aghaidh freisin maidir leis na léarscáileanna sin.
Is é an 1 Aibreán 2025 an dáta deiridh a ghlacfar le haighneachtaí agus le hiarrataí athchriosaithe.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait nó más mian leat aighneacht a dhéanamh tabhair cuairt ar www.galwaycity.ie/rzlt nó consult.galwaycity.ie
Teigh chuig www.gov.ie/rzlt chun tuilleadh eolais a fháil.