Tá €4,445 bailithe ag foireann ICT agus Dhigiteach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe do Chumann Alzheimer an Iarthair – faoi scéim ‘Cas air arís iad - Ceannaigh ar ais Gairis Teicneolaíochta’ nuálach na Foirne. Bronnadh an t-airgead an tseachtain seo, agus chuir sin clabhsúr le tionscnamh rathúil a cheangail an aidhm do gheilleagar ciorclach níos fearr le hinniúlacht dhigiteach agus le cuimsiú.
Faoin Scéim Cas air arís iad - Ceannaigh ar ais Gairis Teicneolaíochta, déantar trealamh a bhfuil a bharánta caite, nó trealamh nach bhfuil oiriúnach níos mó d’úsáid oifige, a thairiscint don fhoireann ar tháille bheag – agus bronntar an t-airgead a bhailítear ar Chumann Alzheimer an Iarthair.
Mhínigh Elaine Naughton, Ceann TF, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, bunús an tionscnaimh:
“Ó bhí Covid ann, táimid ag feiceáil athrú go dtí fórsa saothair níos ‘móibílí’ agus an fhoireann ag úsáid ríomhairí glúine san oifig agus don chianobair araon. Chuir sin ar ár gcumas fáil réidh de réir a chéile le ríomhairí deisce – agus mar thoradh air sin, bhíomar in ann costais a laghdú agus bainistiú agus cothabháil níos simplí a dhéanamh ar ghairis. Neartaíonn sé seo freisin an chibearshlándáil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe – de bharr nach bhfuil a leath oiread gaireas in úsáid níos mó san eagraíocht, bhíomar ábalta an ‘tírdhreach ionsaithe’ ó thaobh na cibearshlándála a laghdú”.
De réir mar a bhí an fhoireann ag athrú go dtí gaireas móibíleach aonair amháin, d’fhág sin go raibh thart ar 350 gaireas (scáileáin/ríomhairí deisce/ríomhairí glúine) fágtha ag an bhfoireann TCF a raibh athchúrsáil le déanamh orthu nó a bhí le diúscairt acu.
Roimhe seo, ó thaobh na slándála sonraí de, bhíodh comhlacht speisialtóirí á fhostú ag rannóga TCF chun comhpháirteanna stórála sonraí ar ghairis a scriosadh ag deireadh ré agus iad a athchúrsáil nó na páirteanna nach bhféadfaí a dhiúscairt a chur chuig líonadh talún. Mar sin féin, leis an teicneolaíocht chriptithe a bhí á húsáid ar na gairis seo, bhíothas ábalta na sonraí a ghlanadh go hiomlán – agus ciallaíonn sin go bhféadfaí iad a chur ar fáil arís lena n-úsáid sa bhaile nó ar scoil.
“Faraor, is crá croí ceart é do go leor rannóg TF go gcaitear trealamh atá ag feidhmiú go maith a chaitheamh amach ar trealamh é atá as feidhm nó nach bhfuil inmharthana ó thaobh airgid de níos mó lena gcothabháil,” a dúirt Elaine Naughton. “Cé go bhféadfadh sé nach bhfuil an trealamh seo oiriúnach d’úsáid oifige níos mó, tá sé fós oiriúnach le húsáid i scoileanna nó sa mbaile, agus ciallaíonn sé sin go dtugtar seans eile don trealamh agus go bhfuiltear ag cuidiú le daoine rochtain a fháil ar inniúlacht dhigiteach i gCathair na Gaillimhe.”
Is mar gheall air sin a shocraigh foireann TCF Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an scéim ‘Cas air arís iad - Ceannaigh ar ais Gairis Teicneolaíochta’ a fhorbairt – chun deis a thabhairt don fhoireann trealamh a bhí ag feidhmiú, ach a raibh a mbaránta caite a cheannach ar tháille bheag. Tairgeadh an trealamh nár ceannaíodh (70 ríomhaire) saor in aisce do na scoileanna áitiúla i gcomhar le hOifigeach Oideachais Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Mar a deir faighteoir amháin, Mícheál Ó Marcacháin ó Choláiste na Coiribe, agus é ag cur fáilte roimh an mbronntanas, “Ba mhaith liom, thar ceann fhoireann agus scoláirí Choláiste na Coiribe, buíochas ó chroí a ghabháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe as a mbronntanas flaithiúil ríomhairí a thug sibh don scoil. Bíonn tuilleadh earraí TF ag teastáil i gcónaí uainn agus tá úsáid á baint gach lá as na gairis a thug sibh don scoil. Tá siad ag cuidiú leis na scoláirí scileanna riachtanacha a fhorbairt don saol atá rompu. Is mór againn bhur dtiomantas ó thaobh tacú le hoideachas inár bpobal.”
Tá laghdú 80% ar líon na scáileán, ríomhairí glúine agus ríomhairí deisce atá fós ag obair a bhfuiltear ag fáil réidh leo mar thoradh ar an tionscnamh seo.
Roghnaigh an fhoireann TFC an t-airgead a bailíodh a bhronnadh ar Chumann Alzheimer an Iarthair mar go bhfuil roinnt daoine muinteartha agus roinnt de thuismitheoirí na Foirne faoi réir ag an ngalar Alzheimer agus ag Néaltrú.
Dúirt, Pat Holmes, POF Chumann Alzheimer an Iarthair nuair a bhí an seic á bhronnadh “Táimid fíorbhuíoch do Elaine agus dá comhghleacaithe i Rannóg TF Chomhairle Cathrach na Gaillimhe as an tionscnamh iontach seo a eagrú agus le foireann iomlán Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a ghlac páirt sa tionscnamh. Bainfear úsáid as an airgead chun aire a chur fáil do dhaoine atá ag maireachtáil le néaltrú agus chun cúnamh a thabhairt dóibh leanúint de shaol fiúntach a bheith acu ina dteach agus ina bpobal féin. Ní bheifí in ann tabhairt faoin obair seo gan tacaíocht agus flaithiúlacht eagraíochtaí ar nós Chomhairle Cathrach na Gaillimhe – gabhtar buíochas ó chroí libh go léir”.
Is í an ‘Scéim Cas air arís iad - Ceannaigh ar ais Gairis Teicneolaíochta’ an chéad tionscnamh dá leithéid sa tír, agus léiríonn sí an chaoi inar féidir le nuálaíocht na hearnála poiblí tacú leis an ngeilleagar ciorclach agus le hinniúlacht dhigiteach i gCathair na Gaillimhe.