
Beidh Cathair na Gaillimhe ina léaró dóchais aeráide agus nuálaíochta sa Mheán Fómhair nuair a fhillfidh Féile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe 2025 dá dara bliain. Déanfar cathair beo le smaointe, gníomhartha agus ealaíontacht den Chathair le linn na féile.
Beidh an fhéile ar siúl ón 10–14 Meán Fómhair, agus cuirfear fáilte roimh chách na réitigh dhána agus scéalta spreagúla atá ar thús cadhnaíochta i gcúrsaí gníomhaithe ar son na haeráide a fhiosrú. Ó cheol, cainteanna, scéalaíocht, spraoi agus cúrsaí inbhunaitheachta, gealltar gur ceiliúradh ar mhisneach agus ar chruthaitheacht tráth a bhfuil athrú ag tarlú a bheidh san imeacht seo.
Buaicphointí na Féile:
- Cainteanna & Painéil: Tabhair cluas do cheannairí áitiúla agus náisiúnta ar ábhair amhail: Freagairt na hÉireann ar imeachtaí adhaimsire, an Intleacht Shaorga agus Gníomhú ar son na hAeráide, Cathair Athnuachana na Gaillimhe, córais Téimh Ceantair, Féilte Inbhuanaithe, Cúinne an Ghiorria, Brink! Belfast agus tionscadail aeráide Éire Ildánach
- Féasta: Bí i dteannta na mbeadaithe bia ag Eaglais San Nioclás d’oíche nach ndéanfar dearmad uirthi de scoth an bhia áitiúil faoi threoir na gcócairí Enda McEvoy agus Richard Kitt. Déanfar an bia a chur ar fáil as gairdíní pobail i gCathair na Gaillimhe agus cuirfear siamsaíocht ar fáil ar an oíche.
- Carnabhal na hAeráide i bPáirc an Athar de Búrca i gcomhar le hIonad Oibrithe Deonacha na Gaillimhe - beidh cainteanna, ceol, bia, cluichí agus siamsaíocht á gcur ar fáil don teaghlach ar fad
- Middle Playful Street- Cuirfidh margadh dara láimhe, ceol agus spraoi beocht sa tSráid Láir
- Giob Geab Oíche mhearscéalaíochta pobail le MC Shani
- Youth Lates - tabharfar deis do dhaoine óga dul i mbun taibhithe agus a bheith páirteach sa ngníomhú ar son na haeráide
- Caifé an Deisiúcháin foghlaim an chaoi le rudaí a dheisiú le Músaem Cathrach na Gaillimhe
- Cóisir Shráide sa gCeann Thiar le DJanna Bang Bike Bhéal Feirste, banna mór práis agus teicnicheoil Boola Boom Chorcaí, Wild Geeze agus DJanna áitiúla
- Picnic Rothaíochta le DJanna Bang Bike
- Fuaimeanna an Athraithe Aeráide (The Sounds of Climate Change)- Tumadh mór sonach isteach i bhfuaimeanna an athraithe aeráide
- Lá don Teaghlach i bPáirc Foraoise Thír Oileáin
Maidir leis an bhféile, is éard a bhí le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Leonard Cleary: “De bharr go bhfuil cáil mhór ar Ghaillimh as a tírdhreach saibhir cultúir agus a sprid fhorásach, tá deis ar leith ag an gCathair seo cainteanna uileghabhálacha faoin aeráid a ghríosadh agus athrú ón mbun aníos a spreagadh. Cuireann féile na bliana seo le féile na bliana anuraidh agus le tiomantas na cathrach don inbhuanaitheacht timpeallachta agus don léiriú ealaíonta.”
Is éard a dúirt an Comhairleoir Mike Cubbard, Méara Chathair na Gaillimhe: “Baineadh leas le linn fhéile na bliana seo caite as taipéis shaibhir chultúir na cathrach — inar cuimsíodh an amharclannaíocht, ceol, ealaín, spórt, an Ghaeilge agus bia — agus cuireadh an gníomhú ar son na haeráide chun cinn mar iarracht dhearfach chuimsitheach. Gealltar le féile na bliana seo go mbeidh sí níos spreagúla fós agus tá mé féin ag súil go mór dul chuig go leor de na himeachtaí.”
Tá go leor de na himeachtaí saor in aisce agus is féidir clárú dóibh ar www.GalwayClimateFestival.ie. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a sheoladh chuig Climate@GalwayCity.ie. Tá tacaíocht fhlaithiúil á cur ar fáil don fhéile ag Comhar Creidmheasa an Chladaigh, LCDC agus Fondúireacht Phobail na hÉireann.