Cathair na Gaillimhe san Áireamh i dTaispeántas Through Special Sisters Cities Open House Chicago

Chicago Exhibition

An deireadh seachtaine seo caite, cuireadh fáilte roimh chuairteoirí chuig breis is 200 de sheoda ailtireachta faoi cheilt agus mór le rá chathair Chicago, le linn Open House Chicago, an fhéile bhliantúil ailtireachta a eagraíonn an Chicago Architecture Center. Den chéad uair riamh, áiríodh ailtireacht idirnáisiúnta mar chuid den imeacht agus leagadh béim ar Chathair na Gaillimhe - ar comhchathair fhadbhunaithe í de chuid Chicago.

Nochtadh an taispeántas speisialta Old Galway san Irish American Heritage Center i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Coiste na Gaillimhe den Chicago Sister Cities International. Fiosraítear sa taispeántas an t-athrú atá tagtha ar shráid-dreacha agus ar shaol sóisialta na Gaillimhe trí rogha coimeádta de ghrianghraif ón am atá caite agus ón am i láthair a thaispeáint le taobh a chéile.

Léiríonn na híomhánna - go leor acu a tógadh i ngan fhios agus gan aon ghotha - an saol laethúil ag margaí, siopaí agus ar shráideanna na Gaillimhe.  Fuarthas na grianghraif as bailiúchán príobháideach an staraí as Gaillimh, Tom Kenny, as cartlanna institiúide, agus as grianghraif phearsanta mhuintir na Gaillimhe a roinn grianghraif as a n-albaim agus leabhair gearrthóg féin.

Déantar comóradh leis an taispeántas seo freisin ar 50 bliain de cholún Tom Kenny “Old Galway” sa Galway Advertiser, atá ag tabhairt spléachadh le fada an lá don lucht spéise ar stair shóisialta shaibhir na Cathrach. Is léiriú ar na deicheanna fada de bhlianta atá caite go dícheallach aige ag caomhnú oidhreacht na Gaillimhe na híomhánna áille atá aige sa mbailiúchán.

"Is nasc cultúir ar leith é an taispeantas seo idir an dá chathair”, a mhínigh Keith Finnegan, Oifigeach Caidreamh Idirnáisiúnta le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. "Is ceiliúradh é ar phobal, ar chuimhní cinn agus ar na gnáthscéalta sin a mhúnlaíonn an stair chomhroinnte atá againn."

Le Old Galway, cuirtear deis ar fáil do mhuintir Chicago agus do Ghaeil-Mheiriceánaigh araon, deis nach bhfaigheann siad chomh minic sin, ceangal a dhéanamh le hoidhreacht na Gaillimhe agus tuiscint a fháil ar na snáitheanna stairiúla a nascann an dá chathair le chéile.