Ceiliúradh á Dhéanamh ar Ócáid Stairiúil i nGaillimh: Beirt Iar-Mhéaraí iad an Naoú agus an Deichiú Ceann Stáit ar Éirinn

Portraits of former mayors in city hall

Insealbhófar Iar-Mhéara Chathair na Gaillimhe, Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann an 11 Samhain 2025. Tiocfaidh Catherine in áit Iar-Mhéara eile de chuid Chathair na Gaillimhe, an tUachtarán Michael D. Higgins, mar an 10ú Ceann Stáit. D’fhreastail Catherine Connolly agus Michael D. Higgins araon ar mhuintir Chathair na Gaillimhe ina gComhaltaí Tofa agus ina méaraí ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, sular toghadh chuig Tithe an Oireachtais, agus chuig oifig Uachtarán na hÉireann iad.

Ag labhairt dó faoin ócáid stairiúil seo, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Is mór an pléisiúr dom comhghairdeas a dhéanamh le hIar-Mhéara Chathair na Gaillimhe, an tUachtarán nua Catherine Connolly, agus í ag tabhairt faoin ról mar an deichiú Ceann Stáit. Tagann an tUachtarán nua Connolly in áit ionadaí den scoth eile do mhuintir Chathair na Gaillimhe agus don Iarthar, Iar-Mhéara Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus naoú Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins. Is mór an onóir do Chathair na Gaillimhe é a bheith de dhualgas ar bheirt dár gcuid féin ionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir na hÉireann – go náisiúnta, ag seasamh le Bunreacht na hÉireann agus ar an stáitse idirnáisiúnta. Is freagracht ollmhór atá i gceist leis an Uachtaránacht, agus thug Michael D. Higgins faoin bhfreagracht sin le díograis, dúthracht, eolas agus taithí fhairsing. Níl aon amhras ann ach go leanfaidh an tUachtarán nua Catherine Connolly, leis an traidisiún sin le díograis den chineál céanna thar ceann mhuintir na hÉireann.”

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach, Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “chuir an bheirt, an tUachtarán tofa, Catherine Connolly agus an tUachtarán atá ag dul ar scor Michael D. Higgins araon, tús lena saol polaitiúil i bhfoirm an rialtais is gaire don mhuintir a raibh siad ag déanamh ionadaíochta orthu – sa rialtas áitiúil. Is mar gheall ar an tseirbhís den scoth a thug siad don phobal áitiúil agus iad déanamh ionadaíochta ar mhuintir an iarthair ag leibhéal náisiúnta ar dtús a toghadh iad le hionadaíocht a dhéanamh ansin ar mhuintir na hÉireann. Is ról dúshlánach atá san ionadaíocht phoiblí, a éilíonn dúthracht, díograis agus an chreidiúint gur féidir torthaí níos fearr agus todhchaí níos fearr a bhaint amach, dóibh siúd a bhfuil sainordú daonlathach tugtha acu dár n-ionadaithe. Is mian liom gach rath a ghuí ar an Uachtarán nua, Catherine Connolly, ar an Uachtarán atá ag dul ar scor Michael D. Higgins, agus iad ag tabhairt faoin gcéad chaibidil eile dá saol agus buíochas a ghabháil leo as an tseirbhís atá tugtha acu do mhuintir na hÉireann, agus go mór mór do mhuintir na Gaillimhe, ar fhreastail siad orthu ina gComhaltaí Tofa agus ina Méaraí ar Chathair na Gaillimhe.”

Bhí Catherine Connolly ina Méara ar Chathair na Gaillimhe ó Mheitheamh 2004-Meitheamh 2005.

Chaith Michael D. Higgins dhá thréimhse ina Mhéara ar Chathair na Gaillimhe - ó Nollaig 1981-Meitheamh 1982, agus Iúil 1990 go Meitheamh 1991