Tá ceithre thionscadal de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar an ngearrliosta don 22ú searmanas bliantúil i nGradaim Chambers Ireland as Barr Feabhais sa Rialtas Áitiúil, gradaim ina ndéantar an obair thar a bheith fiúntach a dhéanann Údaráis Áitiúla ar fud na hÉireann a aithint agus a cheiliúradh. Is iad seo a leanas na ceithre iontráil atá ar an ngearrliosta: Féile Aeráide na Gaillimhe, CREW na Gaillimhe, Youth Lates agus an chéad Sráid Scoile i lár cathrach ag Scoil Iognáid. Fógrófar na buaiteoirí le linn searmanas náisiúnta gradam i mBaile Átha Cliath Dé hAoine an 27 Samhain.
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Cúis áthais dom go bhfuil tionscadail de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar an ngearrliosta den dara bliain as a chéile i nGradaim Chambers Ireland as Barr Feabhais sa Rialtas Áitiúil. Ó tharla go raibh os cionn 250 iontrálaí ann i mbliana, éacht ar leith é go bhfuil ceithre thionscadal ó Chathair na Gaillimhe i measc na 16 chatagóir de ghradaim. Tugann na hiontrálaithe léargas ar an gclár leathan oibre atá ar bun san údarás áitiúil, cuir i gcás féilte, an Gníomhú ar son na hAeráide, an Fhorbairt ar an nGeilleagar, Geilleagar na hOíche agus an Taisteal Gníomhach. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dóibh siúd go léir a raibh baint acu le forbairt na dtionscadal seo - comhghleacaithe liom i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, in eagraíochtaí a bhíonn ag obair i gcomhar linn agus na pobail féin. Guím gach rath orthu ar oíche na ngradam”.
Fuarthas 259 iontráil ó 26 Údarás Áitiúil i mbliana, níos mó ná riamh, rud a léiríonn chomh tábhachtach is atá na gradaim seo i dtaobh béim a leagan ar chaighdeán ard na seirbhíse a chuireann Údaráis Áitiúla ar fáil dá bpobal.
Fógrófar buaiteoirí na nGradam as an bhFeabhas sa Rialtas Áitiúil le linn an 22ú searmanas bliantúil ar an 27ú lá de mhí na Samhna in Óstán an Crowne Plaza, an Choill Thuaidh, Seantrabh. Tá na gradaim urraithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Eolas ar na tionscadail
An chatagóir ‘Féile na Bliana’: Féile Aeráide na Gaillimhe: Inspioráid Aeráide - Pobail i mBun Gnímh
Sheol Comhairle Cathrach na Gaillimhe féile aeráide nua bhliantúil in 2024, an chéad fhéile dá leithéid á heagrú ag údarás áitiúil in Éirinn. Is féile nuálach, chruthaitheach agus chomhoibritheach í an fhéile Inspioráid Aeráide - Pobail i mBun Gnímh ina bhféachtar leis an dearcadh atá ann go bhfuiltear ag gníomhú ar son na haeráide a athrú go dtí beart níos dearfaí. Baintear leas le linn na féile as fuinneamh cruthaitheach na Gaillimhe agus glactar go fonnmhar le cultúr amharclainne, ceoil, taistil ghníomhaigh, spóirt, Gaeilge agus bia na cathrach.
An chatagóir ‘An Fhorbairt Gheilleagrach a chur chun cinn’: CREW na Gaillimhe
Osclaíodh Mol Cruthaitheach Fiontraíochta agus Nuála CREW i mí Aibreáin 2024, tionscnamh leis na tionscail chruthaitheacha a chothú agus chun tacú leo. Is iad Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Coimisiún Forbartha an Iarthair agus Ardán a bhunaigh an mol, agus tacaíocht ann ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Spreagann CREW an fhiontraíocht in earnálacha cuir i gcás an chluichíocht, cruthú inneachair agus an dearadh digiteach. Déanann an mol acmhainní a chur ar fáil, an nuálaíocht a spreagadh agus tugtar tacaíocht ann do ghnólachtaí nuathionscanta agus, ar an bealaí sin, cuireann le fás na cathrach agus an réigiúin ó thaobh geilleagair agus cultúir de. An bunchuspóir atá ag CREW ná tacaíocht a thabhairt d’fhiontair chruthaitheacha bunaithe ar phobal bríomhar le go mbeidh gairmithe cruthaitheacha in ann bláthú agus cáil idirnáisiúnta a bhaint amach. Samplaí de na héachtaí atá bainte amach acu ná áiseanna úrscothacha, oiliúint fiontraíochta, cruthú post agus rannpháirtíocht an phobail.
An chatagóir ‘Na hEalaíona a chothú’: Youth Lates
Leis an tionscadal Youth Lates, cuirtear spásanna sábháilte bríomhara ar fáil do dhaoine óga (14 bliana - 19 mbliana) le páirt a ghlacadh i saol cultúir na Gaillimhe agus é a mhúnlú, chun an chruthaitheacht agus an muintearas sóisialta a chothú agus glúin nua de dhíograiseoirí a spreagadh sna healaíona agus b’fhéidir ealaíontóirí nua.
Tá neart gníomhaíochtaí éagsúla ar an gclár - ceol beo, oícheanta maidhc oscailte, ceardlanna cruthaitheachta agus oícheanta cluichíochta, an méid sin i gcomhar le heagraíochtaí áitiúla ealaíon (Ionad Ealaíon na Gaillimhe/Amharclann Oileán Ealtanach), seirbhísí óige (Obair Óige Éireann, Comhairle na nÓg) agus seirbhísí oideachais ceoil (Music Generation Chathair na Gaillimhe).
Gné lárnach de Phlean Gnímh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe don Gheilleagar Oíche is ea Youth Lates, clár a théann i ngleic go díreach leis an riachtanas ó thaobh rannpháirtíocht daoine óga sna healaíona.
An chatagóir ‘Athnuachan Uirbeach’: An chéad Sráid Scoile i lár cathrach in Éirinn ag Scoil Iognáid
In 2020, sheol Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le Scoil Iognáid, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus clár Scoileanna Glasa an Taisce clár trialach le haghaidh Sráideanna Scoile - an chéad Sráid Scoile i lár cathrach in Éirinn.
Tháinig an tionscadal chun cinn mar gheall ar an imní a bhí ar thuismitheoirí agus ar lucht bainistíochta na scoile faoi pháistí agus carranna a bheith ag úsáid an bhealaigh chéanna os comhair na scoile - sráid chúng chónaithe i limistéar seanbhunaithe i nGaillimh.
Mar chuid den chlár trialach, níor ligeadh trácht ar an tsráid (seachas muintir na háite agus daoine a bheadh ag dul chun na scoile a raibh ‘suaitheantas gorm’ acu) ag amanna fágála agus bailithe na bpáistí scoile. Bhí pobal na scoile go mór i bhfách leis agus d’éirigh thar cionn leis an tionscadal athrú a chur ar chúrsaí taistil i Scoil Iognáid. Tá méadú mór tagtha ar an líon páistí a thagann chun na scoile de shiúl na gcos nó ar rothar anois.
Socrú buan atá ann anois a bhuíochas don obair ar fad a rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe in 2024 agus tá tuilleadh forbartha déanta acu ar na buntáistí dá bharr.