
Mar iarmhairt ar Ordú na hArd-Chúirte a rinneadh an 19 Bealtaine 2025 - in imeachtaí dar teideal Ballindooley Developments Limited v An tAire Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta (Taifead Uimh. 2023/745 JR de chuid na hArd-Chúirte) - imeachtaí inar tugadh dúshlán ar éirí leis do Threoir Pleanála agus Forbartha (Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029) 2023 (Treoir ón Aire) - eisithe de bhun, inter alia, alt 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú - ag an Aire a luaitear, dar dáta an 3 Bealtaine 2023, i leith Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 a mhéid is atá tionchar ag an ní céanna ar chriosú talún ag Cúil Each, Gaillimh, Co. na Gaillimhe (a aithnítear mar “Fíor 11.26 Limistéar Chúil Each” sa Treoir ón Aire a luaitear) - leasóidh an Comhairle an Ráiteas Scríofa agus leasófar an Léarscáil Criosaithe Úsáide Talún agus na gCuspóirí Sonracha de Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029, mar seo a leanas:
Téacs an Ráitis Scríofa a leasú agus an Léarscáil Criosaithe Úsáide Talún agus na gCuspóirí Sonracha de Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 a leasú chun a chinntiú go ndéanfar na forálacha criosaithe agus na forálacha eile a bhaineann le tailte, atá comhdhéanta de 10.5 heicteár i gCúil Each, Cathair na Gaillimhe a athbhunú de réir Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029, mar a glacadh ar dtús an 24 Samhain 2022 (i.e. sular leasaíodh é le Treoir ón Aire).
Tá Ráiteas Scríofa Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 (Caibidil 11, Roinn 11.2.8) chomh maith leis an Léarscáil Criosaithe Úsáide Talún agus na gCuspóirí Sonracha (Léarscáil A) leasaithe.
Naisc: