Tá lúcháir ar Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe (LCDC) maoiniú caipitil de €390,325 a fhógairt do 6 tionscadal i gCathair na Gaillimhe faoin gCiste Aitheantais Pobail 2024.
Soláthróidh an maoiniú tacaíochtaí caipitil a bhfuil géarghá leo atá riachtanach don iliomad grúpaí agus eagraíochtaí beaga pobail ar fud Chathair na Gaillimhe a d’óstáil Tairbhithe na Cosanta Sealadacha agus/nó Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta. Tá an Ciste Aitheantais Pobail maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Féach an nasc anseo a leanas le do thoil le haghaidh preasráiteas ag fógairt na dtionscadal rathúla ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus an Gaeltacht, Dara Calleary TD.
Tá liosta iomlán de na grúpaí rathúla a faomhadh faoin gCiste Aitheantais Pobail 2024 ar fáil anseo.