
Bhí Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, ina óstach ar Bhál Carthanachta bliantúil an Mhéara Dé hAoine, 13 Meitheamh 2025, in Óstán Ardilaun, Gaillimh. Bhí an ocáid bhliantúil an- oíche de cheiliúradh, siamsaíocht agus spiorad pobail – agus é ar fad ar mhaithe le ceithre charthanas iontach de chuid na Gaillimhe: Galway Autism Partnership, Galway Down Syndrome, The Blue Teapot Theatre Company, and Rosabel’s Rooms.
D’fhreastail breis is 300 aoi ar an rince, agus díríodh gach fáltas ón ócáid ar thacaíocht a thabhairt d’obair ríthábhachtach na gCarthanas ar fud Chathair na Gaillimhe agus níos faide i gcéin.
Dúirt an Méara Keane, "Ní chreidim chomh sciobtha agus agus chuaigh mo thréimhse mar Mhéara ar Chathair na Gaillimhe thart. Tá lúchair orm bheith ag óstáil Bál Carthanachta an Mhéara i mbliana in Óstán an Ardilaun. Tá an tacaíocht airgid a thagann óna leithéid seo d’ócáid tuillte go maith ag na carthanais atá roghnaithe agam, agus is mór an onóir dom a bheith in ann an cúnamh beag seo a thabhairt dóibh. Buíochas le gach duine a thacaigh leis an ócáid seo, agus leis na ceithre charthanas fiúntacha - Galway Autism Partnership, Galway Down Syndrome, The Blue Teapot Theatre Company, and Rosabel’s Rooms.”
B’é Keith Finnegan, Saor de chuid na Gaillimhe, a bhí ina fhear an tí ar an oíche.
I measc na léirithe bhí an Village Community Choir, Tierney Talks, Niall McCabe agus na Byrne Brothers, agus DJ Lar ag casadh ceol na n-ochtóidí agus na naochaidí amch san oíche. I measc an siamsa beo bhí aíonna speisialta Sharon Shannon, na Deifiúracha Kane, Liz agus Yvonne, Fiona Lydon agus damhsa iontach ó Nathan Pilatzke.
Thug breis is 30 gnólacht áitiúil duaiseanna don raifil carthanachta – buíochas le gach duine as a dtacaíocht ar an oíche.
