COMHAIRLE CATHRACH NA GAILLIMHE FÓGRA MAIDIR LE TOGRA CHUN FODHLÍDHE RIALAITHE LOCTHA 2025 A DHÉANAMH

City Hall

 I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di le hAlt 131A de na hAchtanna Rialtais Áitiúil 1925 go 2014, le hAlt 36 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994, arna leasú, agus le hAlt 101 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, arna leasú, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe Fodhlíthe Rialaithe Loctha 2025 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (“Dréacht-Fhodhlíthe Loctha 2025”) a dhéanamh chun locadh a rialáil agus a rialú i leith an limistéir arb é limistéar feidhme Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é.

Is féidir Dréacht-Fhodhlíthe Rialaithe Loctha 2025 a iniúchadh ó 09:00 go 16:00 ón Luan an 6 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an Déardaoin an 6 Samhain 2025 trí choinne amháin, in Oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh nó is féidir iad a íoslódáil thíos:

 

Féadfar aighneachtaí ar Dhréacht-Fhodhlíthe Rialaithe Loctha 2025 a dhéanamh, i scríbhinn, chuig Bóithre & Iompar (Cothabháil), Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh H91 X4K8 nó trí ríomhphost chuig roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 5.00 p.m. Dé hAoine, an 21 Samhain 2025.

Is féidir cóip de na Fodhlíthe seo a cheannach ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar iarratas ar tháille a íoc nach mbeidh níos mó ná an costas réasúnach a bhaineann leis an gcóip a dhéanamh.

Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Forbartha Oibriúcháin, Comhairle Cathrach na Gaillimhe