
Cúis áthais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil an conradh chun scéim Tithíochta Sóisialta nua darb ainm “Fána an tSrutháin” a fhorbairt i mBaile na mBúrcach, Gaillimh, bronnta ar OCC Construction tar éis próiseas tairisceana srianta.
Is éard atá i gceist leis an tionscadal seo ná 84 aonad cónaithe a dhearadh agus a thógáil chomh maith le plás comharsanachta/pobail lárnach, aonaid ionaid áitiúla, caifé agus naíolann mar aon le amfaitéatar tírdhreachaithe.
Is cuid de Phlean Gníomhaíochta Tithíochta do Chách Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an fhorbairt seo agus úsáidfear modhanna tógála comhaimseartha (MMC) mar chuid den phlean. Úsáidtear an frása modhanna tógála comhaimseartha chun cur síos a dhéanamh ar raon teicnící déantúsaíochta lasmuigh den láthair agus teicnící nuálacha ar an láthair mar mhalairt ar theicnící tógála traidisiúnta. Sainaithníodh modhanna tógála comhaimseartha sa Bheartas Náisiúnta Tithíochta do Chách mar cheann de na forbairtí nuálacha ba cheart a spreagadh agus tithíocht á chur ar fáil.
Rinneadh an scéim a dhearadh agus a thabhairt chun cinn trí phróiseas Pleanála Chuid 8 ag Aonad Ailtirí Chathair na Gaillimhe, agus tá sé comhdhéanta de 71 árasán i 4 bhloc agus 13 aonad sraithe teaghlaigh. Tá 40% de na hárasáin deartha mar aonaid aoisbháúla/aonaid atá deartha go huilíoch a bheidh suite in aice leis na seirbhísí ionaid áitiúla atá beartaithe.
Ag síniú an chonartha, dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá an-áthas orm a fheiceáil gur shroich an scéim seo an chloch mhíle thábhachtach sin, agus go bhfuiltear ag síniú an chonartha don fhorbairt nua a thógáil i mBaile na mBúrcach. Cuirfidh an tionscadal seo aonaid tithíochta a bhfuil géarghá leo ar fáil ar bhealach éifeachtach, feabhsófar an bonneagar agus cuirfear feabhas ar na háiseanna a bheidh ar fáil do mhuintir na háite seo.”
Síníodh an conradh do Dhearadh agus Tógáil na forbartha nua i Halla na Cathrach, Dé Luain, an 11 Lúnasa 2025, agus OCC Construction ceaptha chun an tionscadal a chur i gcrích. Faoi stiúir van Dijk Architects a bheidh an fhoireann Comhairleoirí Teicniúla do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus is í Rannóg Caipitil Tithíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a bheidh ag bainistiú an tionscadail.
Cuirfear tús leis na hoibreacha ar an láthair sna seachtainí amach romhainn agus táthar ag súil go gcuirfear críoch leis an bhforbairt i ndeireadh na bliana 2027.
Leis an bhforbairt seo san áireamh, is 1,120 aonad tithíochta sóisialta a chuirfear i gcrích sa tréimhse idir 2022-2027, agus tá tuilleadh i mbun forbartha.