
Cúis áthais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil an tairiscint chun Ionad Lae nua agus Cóiríocht Shealadach do Dhaoine gan Dídean a thógáil ar Bhóthar Shéamais Uí Chuirc, An Taobh Thiar, bronnta ar Carey Building Contractors, tar éis próiseas tairisceana i R1 2025.
I R3 2025 a chuirfear tús leis an tógáil ar an tseirbhís ríthábhachtach seo d’fhir agus do mhná atá gan dídean i nGaillimh, mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Tithíochta do Chách Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Is éard a bheidh i gceist leis an athfhorbairt ar an Taobh Thiar ná Ionad Lae reatha Theach na Coiribe a leagan ós rud é nach bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm a thuilleadh, agus saoráid nua-aimseartha atá tíosach ar fhuinneamh a thógáil ina gcuirfear seirbhísí níos fearr ar fáil san Ionad Lae chomh maith le 10 n-aonad idirmhalartaithe do Chóiríocht Shealadach Éigeandála do Dhaoine gan Dídean.
Déanfar uasghrádú a bhfuil géarghá leis ar áiseanna an ionaid lae atá ann cheana le linn na forbartha beartaithe, mar aon le hacmhainní breise a chur ar fáil. Cuirfear cóiríocht shealadach do dhaoine gan dídean ar fáil freisin ar feadh na bliana, agus béim á leagan ar bhealaí a shainaithint agus a chur chun cinn chun codladh amuigh agus easpa dídine a mhaolú ar bhonn rialta agus ag an am céanna oiriúnú le linn mhíonna an gheimhridh chun cur leis an méid áiteanna atá ar fáil chun tuilleadh daoine leochaileacha atá ag codladh amuigh a thógáil isteach.
Ag labhairt di ag síniú an chonartha, dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá ríméad orm an chéad chéim chun bonneagar ríthábhachtach a chur chun cinn do dhaoine leochaileacha sa tsochaí a fheiceáil le síniú an chonartha seo chun an tIonad Lae nua agus cóiríocht shealadach do dhaoine gan dídean a thógáil ar an Taobh Thiar. Leis an tionscnamh seo, cuirfear leis an mbonneagar, cuirfear feabhas ar shaoráidí agus neartófar an tacaíocht a chuireann gníomhaireachtaí iomadúla ar fáil do na fir agus mná inár gcathair atá gan dídean.”
Síníodh an conradh chun an tsaoráid nua a thógáil i Halla na Cathrach Dé Máirt an 22 Iúil, agus ceapadh Carey Building Contractors chun an tionscadal a chur i gcrích. Beidh an Fhoireann Deartha faoi stiúir Simon J. Kelly Architects.
Táthar ag súil go mbeidh an t-ionad nua á oscailt i R1 2027.
Fad is a bheidh an tógáil ar siúl, is féidir tuilleadh eolais faoi shocruithe eatramhacha a fháil ar shuíomh Cope Galway www.CopeGalway.ie nó teagmháil a dhéanamh le Cope Galway ar 091 525 259.