Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe Freagra ar Thuilleadh Eolais

Screenshot of N6 report

Tugadh freagra ar an 14 Aibreán ar iarratas i gcomhair tuilleadh eolais ón mBord Pleanála trí thuarascáil agus ceangaltán cuimsitheach a chur isteach. Is céim mhór chun cinn sa bpróiseas pleanála é an t-eolas breise seo a chur faoi bhráid do thionscadal atá riachtanach don bhonneagar iompair amach anseo i gCathair agus i gContae na Gaillimhe agus do réigiún an iarthair i gcoitinne.

Tá Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe agus ár gcomhghleacaithe i mBonneagar Iompair Éireann (TII), lántiomanta do Chuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe (N6-GCRR) a chur i gcrích. Is príomh-chomhpháirt de Straitéis Iompair na Gaillimhe (SIG) an tionscadal seo, a fhéachann le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin iompair atá i gCathair na Gaillimhe agus i réigiún an Iarthair i gcoitinne.

Is ceann de phríomhthionscadail tosaíochta laistigh den SIG an N6-GCRR, agus is cúis áthais dúinn a dheimhniú go bhfuil an t-iarratas ar thuilleadh eolais curtha ar aghaidh chuig an mBord Pleanála anois. Chomh maith le mórthionscnaimh eile atá ag céim na pleanála faoin SIG, amhail an Nasc Traschathrach agus an Chonair Ilmhódach Iompair ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath, beidh ról ríthábhachtach ag an N6-GCRR líonra iompartha níos inbhuanaithe agus níos comhtháite do Ghaillimh a chur i bhfeidhm. Is léir é seo ón obair atá déanta chun an bealach a bhfuil an scéim ag gabháil leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Cursaí Aeráide a thaispeáint. Tá Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe ag teacht go hiomlán leis an gCreat Náisiúnta Pleanála, a thacaíonn leis an gCuarbhóthar, go háirithe Torthaí Chuspóirí Straitéiseacha Náisiúnta 2 agus 5.

Cuirfidh na tionscadail thuas go mór lena chéile, chun go bhfreastalófar ar riachtanais iompair na Gaillimhe, ag tabhairt buntáistí fadtéarmacha do phobail áitiúla, do chomaitéirí agus d’eacnamaíocht an cheantair.

Tá an N6-GCRR ríthábhachtach chun brú tráchta a laghdú, ceangal idir ceantair a fheabhsú agus tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt leanúnach eacnamaíochta na Gaillimhe. Éascófar aistriú módach trí fheithiclí earraí troma agus tréthrácht straitéiseach a bhogadh ó lár na cathrach.

Leis sin, beidh sé de chumas córas iompair phoiblí níos éifeachtúla agus níos iontaofa a thabhairt chun críche agus timpeallacht uirbeach níos sábháilte agus níos mealltaí do choisithe agus do rothaithe a chruthú ag an am céanna, rud a chuirfidh feabhas ar shábháilteacht, ar cháilíocht an aeir agus ar leibhéil torainn.

Áirítear le príomhbhuntáistí an N6-GCRR, mar a leagtar amach sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair Timpeallachta (EIAR) a tugadh cothrom le dáta go gairid:

  • Tacú le réiteach iompair do Ghaillimh atá inbhuanaithe agus comhtháite

  • Sráideanna uirbeacha níos sábháilte a chur ar fáil trí thrácht straitéiseach a bhaint agus spás ar an mbóthar a athdháileadh do thaisteal gníomhach

  • Amanna taistil ar fud an líonra a laghdú

  • Foras dlúth agus inbhuanaithe a chothú sa gcathair amach anseo

  • Tacú le forbairt leanúnach eacnamaíochta na Gaillimhe agus Iarthar na hÉireann

  • Cáilíocht an aeir a fheabhsú do chónaitheoirí agus do chuairteoirí

Tá an dá Chomhairle dírithe ar an bpíosa straitéiseach seo den bhonneagar agus tiomanta dó chun Ceantar na Gaillimhe agus an Iarthair a dhéanamh níos ceangailte, níos inrochtana agus níos éasca le maireachtáil ann.