
Cuir do thuairim in iúl faoi Phlean Gníomhaíochta Seirbhísí do Chustaiméirí agus faoi Chairt Custaiméirí 2025 - 2029 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Ní bheidh ann ach cúpla nóiméad!
Is féidir an suirbhé a líonadh amach ag an nasc seo: https://tinyurl.com/4spz7kju
Is é meán lae Dé Domhnaigh an 11 Bealtaine 2025 an dáta deiridh a nglacfar le tuairimí.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe i mbun athbhreithnithe faoi láthair ar Phlean Gníomhaíochta Seirbhísí do Chustaiméirí agus ar Chairt Chustaiméirí 2025. Beidh faisnéis faoin méid ar féidir lenár gcuid saoránach, custaiméirí, pobail agus ionadaithe tofa a bheith ag súil leis ónár seachadadh seirbhísí sa bPlean Gníomhaíochta Seirbhísí do Chustaiméirí agus sa gCairt Custaiméirí.
Mar sholáthraí seirbhíse poiblí, tá seirbhís do chustaiméirí ar ardchaighdeán an-tábhachtach dúinn i ngach réimse dár gcuid oibre agus do gach duine a úsáideann ár gcuid seirbhísí. Leagfaidh an Plean Gníomhaíochta Seirbhísí do Chustaiméirí agus an Chairt Custaiméirí amach na caighdeáin seirbhíse ar féidir súil a bheith agat leo. Déanfaidh muid monatóireacht agus feabhsú leanúnach ar ár seirbhís duitse agus dár gcuid custaiméirí ar fad.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag lorg freagraí ar na ceisteanna atá leagtha amach sa Suirbhé Comhairliúcháin:
Más mian leat leagan ar pháipéar den suirbhé seo a líonadh isteach, beidh siad ar fáil le bailiú ón bhFáiltiú i Halla na Cathrach, nó is féidir iad a iarraidh ar ríomhphost ag customerservice@galwaycity.ie / seirbhisdochustaimeiri@galwaycity.ie, nó trí ghlaoch a chur ar 091 536400. Is féidir suirbhéanna páipéir atá líonta isteach a chur ar ais chuig Seirbhís do Chustaiméirí, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8.