Déanann Gaillimh ceiliúradh ar an gceangal atá aici le Comhairle Cathrach Milwaukee sna Stáit Aontaithe le linn Irish Fest

Officials in Milwaukee

D’fhreastail toscaireacht ardleibhéil as Gaillimh ar chruinniú speisialta de Chomhairle Cathrach Milwaukee in Wisconsin, SAM, chun an ceangal, idir shibhialta, chultúr agus eacnamaíocht, atá idir an dá chathair le hos cionn fiche bliain a chomóradh. 

 

Tháinig oifigigh áitiúla agus aíonna idirnáisiúnta le chéile ag an ócáid, a tionóladh i Halla Cathrach Milwaukee Dé hAoine le linn cheiliúradh Irish Fest na cathrach. Ba é Michael T. Murphy, iarchomhalta den chomhairle agus ar mba inimircigh as Éirinn a mhuintir, a bhí ina chathaoirleach.

 

I measc na gcainteoirí bhí Cavalier Johnson, Méara Milwaukee; an Comhairleoir Mike Cubbard, Méara Chathair na Gaillimhe; Dan Devine, Méara West Allis; agus Dennis McBride, Méara Wauwatosa. Thug ambasadóir na hÉireann chun na Stát Aontaithe, Geraldine Byrne Nason, aitheasc ag an gcruinniú freisin. Rinne an Leas-Chathaoirleach, an Comhairleoir Mary Hoade, ionadaíocht ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, chomh maith le Cathaoirligh agus oifigigh ó údaráis áitiúla ar fud an iarthair.

 

Tá Cathair na Gaillimhe agus Milwaukee nasctha go foirmiúil ó 2001, agus in 2026 déanfar comóradh 25 bliana ar an gcomhpháirtíocht. 

 

Bhí rannpháirtíocht Milwaukee mar chuid de shraith tionscnamh turasóireachta, cultúir agus forbartha eacnamaíocha ag Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe ar fud Illinois agus Wisconsin le cúpla lá anuas. Bhuail an toscaireacht le ceannasaithe rialtais, turasóireachta, cultúir agus gnó le súil naisc idir Éire agus Meiriceá a láidriú.

 

Ba chuid lárnach den chuairt a bhí i rannpháirtíocht na Gaillimhe in Irish Fest, an t-imeacht cultúir Éireannaigh is mó ar domhan a tharraingíonn níos mó ná 120,000 cuairteoir gach bliain. Tá ionadaíocht á déanamh ar Ghaillimh ag an bhféile le hos cionn 30 bliain, agus reáchtáil toscaireacht na bliana seo seastán do lucht spéise sna Stát Aontaithe chun an chathair agus an contae a chur chun cinn mar cheann scríbe do chuairteoirí.

 

Dúirt an Méara Johnson sa chruinniú gur thug Irish Fest, a tionóladh den chéad uair i 1981, deis ómós a léiriú don oidhreacht agus comhpháirtíochtaí cultúir agus eacnamaíocha seasmhacha á dtógáil ag an am céanna. Mhol sé an chaoi ar ghlac Milwaukee le cultúr na hÉireann gach mí Lúnasa, agus thug sé dá aire gur tharraing an fhéile cuairteoirí as gach áit sna Stáit Aontaithe agus níos faide i gcéin. Beidh ionadaíocht ag Gaillimh freisin ag Chicago Irish Fest, a bheidh ar siúl in Gaelic Park ó 22 go 24 Lúnasa.

 

Dúirt an Méara Cubbard gur leag an nasc seasmhach sin le Milwaukee béim ar luach na gcomhpháirtíochtaí sibhialta chun trádáil, malartú cultúir agus tuiscint níos doimhne a chur chun cinn ar fud an Atlantaigh.

 

Dúirt an lucht eagraithe go léiríonn láithreacht na hÉireann ag Irish Fest chomh bisiúil is atá clár na gCathracha Comhair agus an ról atá aige maidir le comhoibriú trasteorann a neartú.

 

 

Related news