An Dara hÁit buaite ag Scabhtaí Mara na Gaillimhe sa Chatagóir Tionscnamh Óige an Phobail
Tá aitheantas tugtha don dá ainmniúchán a fuair Comhairle Cathrach na Gaillimhe as ucht obair shármhaith don phobal, le linn shearmanas na nGradam Ómós Áite don bhliain 2025 ina raibh 500 toscaire i láthair, in Óstán an Chladaigh, Luimneach, oíche Dé hAoine (an 7 Samhain 2025). Bhí ríméad ar Scabhtaí Mara na Gaillimhe an Dara hÁit a thabhairt abhaile leo sa chatagóir ‘Tionscnamh Óige an Phobail’ don 23ú comórtas bliantúil.
I Scabhtaí Mara na Gaillimhe, cuirtear clár forbartha óige ar fáil atá faoi stiúir oibrithe deonacha agus bunaithe ar eachtraíocht agus gníomhaíochtaí farraige, lena n-áirítear campáil, siúlóireacht, seoltóireacht agus cadhcáil. Trína gcuid gníomhaíochtaí sa timpeallacht taobh amuigh, cuirtear stíl mhaireachtála atá gníomhach agus sláintiúil chun cinn agus spreagtar tuiscint agus maoirseacht ar ár dtimpeallacht nádúrtha agus mara.
Maidir le Scabhtaí Mara na Gaillimhe, dúirt na Moltóirí Ómós Áite: “Tá ráta an-ard rannpháirtíochta agus stair bhródúil ag baint leis an ngrúpa seo atá ar an bhfód ón mbliain 1932 i leith. Bhí na ceannairí ar chasamar leo sármhaith i dtaca lena ndúthracht i leith obair dheonach agus cuireann siad a gcuid ama, taithí agus eolais ar fáil i gcónaí chun cur leis na scileanna farraige tábhachtacha atá riachtanach le bheith rathúil agus sábháilte i dtimpeallacht fharraige.”
Chomh maith leis sin, bhí dara ainmniúchán ar an ngearrliosta ag Comhairle Contae na Gaillimhe - Link Galway CLG, ar a dtugtar Café Link go háitiúil - sa chatagóir ‘Pobail Ionchuimsitheacha’.
Bunaíodh an eagraíocht sa bhliain 1994 mar chaife oiliúna agus ionad scileanna lónadóireachta do dhaoine aonair atá faoi mhíchumas intleachtúil. I gcaitheamh na mblianta, tá forbairt mhór tagtha ar Café Link. Sa bhliain 2023, rinneadh athrú ó bhonn ar Café Link an Chaisleáin Nua, agus tá sé anois ina chaife ardéilimh ina gcuirtear táirgí den scoth ar fáil ag praghsanna réasúnacha, agus ina bhfuil suíochán ann do 102 chustaiméir.
Arna eagrú ag an gcarthanacht forbartha síochána Comhar Éireann agus arna urrú ag IPB Insurance, is trí Ómós Áite, dá dtagraítear go minic dóibh mar “ghradam na nOscar do ghrúpaí pobail agus deonacha na hÉireann”, a dhéantar iarrachtaí eisceachtúla forbartha pobail fud fad na hÉireann a chur i láthair agus a cheiliúradh. Ba é an t-iriseoir raidió Dermot Whelan a chuir searmanas ceiliúrtha na bliana seo i láthair.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Thar ceann na mBall Tofa, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le hainmnithe na bliana seo, Scabhtaí Mara na Gaillimhe agus Café Link, mar gheall ar a gcuid oibre as cuimse agus as ucht an fód a sheasamh do Chathair na Gaillimhe don chomórtas Ómós Áite i mbliana. Iomaitheoirí dara háit den scoth sa chatagóir is ea Scabhtaí Mara na Gaillimhe agus tá ríméad orm go bhfuil aitheantas á thabhairt don méid oibre a dhéanann siad le daoine óga i gCathair na Gaillimhe.”
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Ainmníodh Café Link agus Scabhtaí Mara na Gaillimhe le bheith páirteach in Ómós Áite i mbliana mar gheall ar a gcuid oibre i bpobal na háite agus mar gheall ar ómós áite a spreagadh sna daoine ar a bhfreastalaíonn siad. Léirítear leis an gcomórtas seo an méid is fearr maidir lenár bpobal agus le heagraíochtaí deonacha agus chomh mór is atáimid faoi chomaoin acu mar gheall ar a n-iarrachtaí gan staonadh, a ndíograis agus a dtiomantas.”
I ndiaidh ainmniúchán a fháil ó Chomhairle Contae na Gaillimhe le bheith páirteach i gcomórtas na bliana seo, thug moltóirí Ómós Áite IPB cuairt ar an dá iontrálaí do Chathair na Gaillimhe i mí Lúnasa 2025. Rinne ionadaithe na ngrúpaí cuir i láthair fhoirmiúla do na moltóirí, agus ina dhiaidh sin, d'óstáil siad turais inar díríodh aird ar na gnéithe de na hiarrachtaí pobail agus iarrachtaí deonacha is mó a bhfuil siad bródúil astu.
Dúirt Fergal Cushen, Comhordaitheoir Ómós Áite, Comhairle Cathrach na Gaillimhe “Tá ríméad orainn go ndearnamar ár gcion i ndáil le cuidiú lenár rannpháirtithe in Ómós Áite le míonna beaga anuas. Is faoi aitheantas a thabhairt don obair thar na bearta, inspioráideach, gan staonadh a dtugann pobail áitiúla fúithi le háit níos fearr le maireachtáil ann a dhéanamh dá gceantar áitiúil agus ceiliúradh a dhéanamh air sin an comórtas seo. Tá rathúlacht rannpháirtithe na bliana 2025 tuillte go maith acu agus is léiriú é ar an obair leanúnach atá ar bun ar fud an phobail níos leithne i gCathair na Gaillimhe. “
Rinneadh píolótú ar Ómós Áite an chéad lá riamh i samhradh na bliana 2003 a bhuíochas do Chomhar Éireann, fóram a spreagann cur chuige straitéiseach agus inbhuanaithe i leith comhoibriú trasteorann. Tabhair cuairt ar www.prideofplace.ie chun tuilleadh eolais a fháil.