Íomhá - Sandra Fahy, Rugbaí Chonnacht, Miriam Kennedy, Ceann Shlí an Atlantaigh Fhiáin, Fáilte Éireann, Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
Chuir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary, fáilte roimh os cionn 80 duine gairmiúil i líonra Turasóireachta Chathair na Gaillimhe chuig imeacht líonraithe de chuid Fáilte Éireann in Óstán Galmont Dé Máirt an 20 Bealtaine. Leagadh béim san imeacht ar dheiseanna móra don earnáil i gCathair na Gaillimhe, agus tá Plean Forbartha Eispéireas Ceann Scríbe (DEDP) á fhorbairt faoi láthair le Fáilte Éireann agus le gnólachtaí turasóireachta áitiúla.
Ghlac os cionn 80 ionadaí tionscail páirt, agus chruthaigh na mórsholáthraithe lóistín, na nithe is díol spéise do chuairteoirí agus eispéiris ar fud chathair na Gaillimhe spás do dhaoine a bhí i láthair do ‘líonra luais’, duine le duine, ar fud earnálacha - ag roinnt eolais agus ag cruthú nasc chun comhoibriú níos fearr a spreagadh laistigh den earnáil roimh an mbuaicshéasúr gnóthach.
Mhol an príomhchainteoir, Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, an méid oibre a bhí ar bun san earnáil, chun “beocht, fuinneamh agus gné chultúir tháirge agus sheirbhís turasóireachta na Gaillimhe, atá mar dhlúthchuid de bhranda na Gaillimhe”, a chruthú. Leag sé béim ar an tábhacht a bhain le “comhoibriú le páirtithe leasmhara gnó agus pobail turasóireachta chun forbairt na turasóireachta a chumasú”.
D’aithin Leonard Cleary a thábhachtaí atá sé “féachaint ar ár dtairiscint turasóireachta trí shúile ár gcustaiméirí”, agus achoimre á déanamh aige ar an aiseolas ó 500 cuairteoir thar lear trí shraith suirbhéanna. Bhí na torthaí a rianaíodh bliain i ndiaidh bliana, “dearfach go ginearálta - d’fhan cuairteoirí ar feadh 3.7 lá ar an meán, agus d’úsáid siad an chathair mar bhunáit chun breathnú thart sa Chontae agus ar na hOileáin”.
Mar sin féin, luaigh an tUasal Cleary, “treocht atá ina chúis imní, go bhfuil an leibhéal sástachta sin ag titim, agus luadh ‘Luach ar Airgead’ mar chúis, go háirithe i bpraghsanna lóistín agus bialanna/caiféanna. D’ainmnigh 86% de chuairteoirí go dtí an chathair feabhas amháin ar a laghad a bhaineann le luach ar airgead, atá suas ó 22% ón mbliain roimhe sin. Bhí cuairteoirí go háirithe ag iarraidh níos mó bia sláintiúil agus bia a táirgeadh go háitiúil a bheith ar fáil. Is príomhréimsí feabhsúcháin laistigh de thaisteal iad cúrsaí tráchta agus taisteal tríd an gcathair sa charr.”
Tugtar eolas tábhachtach don earnáil i Suirbhéanna Sástachta Cuairteoirí, agus thug an tUasal Cleary achoimre ar fhreagra Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar na ceisteanna a ardaíodh, agus ar thábhacht an chomhoibrithe chun cur leis an rath ar bhealach inbhuanaithe.
Dúirt sé, “Tá Plean Forbartha Eispéireas Ceann Scríbe (DEDP) á fhorbairt faoi láthair ag Fáilte Éireann le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus gnólachtaí turasóireachta áitiúla. Déanfar forbairt sa phlean seo ar 90 gníomh chun tacú leis an tionscal Turasóireachta agus Fáilteachais”. Leag sé béim ar an tábhacht atá leis na comhpháirtithe uile “luí isteach ar obair an phlean seo”, tar éis dó taithí phearsanta a fháil ar an tionchar dearfach a bhí ag cur chuige an Phlean Forbartha Eispéireas Ceann Scríbe sa Chlár ar feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin, an Bhoirinn agus Aillte an Mhothair.
Rinne an tUasal Cleary tagairt do thionscadail de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe atá ar na bacáin a mbeidh tionchar claochlaitheach acu san earnáil, lena n-áirítear, “Músaem Cathrach na Gaillimhe, atá ag lorg tairisceana faoi láthair chun síneadh €16 mhilliún a chur leis an Músaem, a bhfuil súil againn go mbeidh sé ar oscailt do shéasúr 2027.”
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag lorg cead pleanála ón mBord Pleanála do Mhol Spóirt Uisce ar an gCoirib, agus tá sí ar tí iarratas a dhéanamh ar Chéim 1 de Phróiseas Creidiúnaithe na nGormbhealach sna seachtainí amach romhainn. Thug an tUasal Cleary dá aire go raibh, “deiseanna móra do ‘thurasóireacht gníomhaíochtaí’ i gCathair na Gaillimhe sna blianta amach romhainn, sna canálacha agus in Abhantrach an Chladaigh.”
Lean sé air, “Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe díreach tar éis céim 1 den tionscadal a chur i gcrích chun athfhorbairt a dhéanamh ar an suíomh 12 acra i Leisureland. Tá scála mór ag baint leis an tionscadal athghiniúna, agus is tionscadal fadtéarmach é seo chun an suíomh sin a fhorbairt mar phríomh-mhealltóir ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. I mBarr an Chalaidh, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe díreach tar éis cead pleanála a fháil le haghaidh athfhorbairt na páirce.”
Shonraigh an tUasal Cleary tuilleadh deiseanna don earnáil, agus athnuachan ‘ar an tsráid’ ag tabhairt beocht agus cuairteoirí isteach sa chathair. Áirítear ar na tionscnaimh sin an Scéim maidir le Forfheabhsú Éadanas Siopaí atá le seoladh go luath; an teorannú beartaithe do choisithe ar an tSráid Thrasna agus ar an tSráid Láir; athfhorbairt ar an Oifig Turasóireachta ar an bhFaiche Mhór, agus tús a chur le hIthe faoin Spéir sa Cheann Thiar agus i mBarr an Chalaidh.
Tá measúnú ar bun chun deiseanna a fhiosrú do sholáthar seirbhíse Veaineanna Campála/RVanna, chomh maith le rochtain agus áiseanna ag Caisleán Mhionlaigh agus Teach Solais Inis Caorach.
Cuirtear fáilte roimh níos mó ná 2 mhilliún cuairteoir go Cathair na Gaillimhe in aghaidh na bliana. Chuir an tUasal Cleary clabhsúr lena chuid cainte trína chur in iúl go mbeidh an fhoireann turasóireachta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ag leathnú chun ár seirbhísí a fhás chun tacú le gnólachtaí turasóireachta agus forbairt turasóireachta sa chathair. Maoineofar na tionscadail agus na tacaíochtaí turasóireachta seo ar fad ó mheascán d’ioncam féinghinte agus d’athinfheistiú Rátaí Tráchtála agus Cáin Mhaoine Áitiúil in áiseanna agus i dturasóireacht.