
Cé atá in ann cur isteach air?
- Grúpaí pobail, deonacha agus spóirt, fiontair shóisialta agus comhlachais ghnó atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe.
- Níl daoine aonair, eagraíochtaí san earnáil phoiblí ná eagraíochtaí trádála le haghaidh brabúis incháilithe.
Critéir cháilitheachta
-
Ní mór d’iarratasóirí a bheith ag obair i gCathair na Gaillimhe
-
Ní mór cuntas bainc/cuntas comhair creidmheasa a bheith ag an iarratasóir in ainm an ghrúpa/na heagraíochta
Cén sórt tionscadal a mhaoineofar?
- Tionscnaimh forbartha pobail, tionscnaimh chultúir agus tionscnaimh ina gcuirtear an Ghaeilge chun cinn
- Athghiniúint spásanna poiblí agus áiseanna áitiúla
- Tionscadail lena gcuirtear cuimsiú agus inrochtaineacht chun cinn
- Inbhuanaitheacht chomhshaoil agus gníomhú ar son na haeráide
- Forbairt an gheilleagair áitiúil agus na turasóireachta
Cá mhéad a mhaoinítear? Beidh méid an deontais ag brath ar chatagóir an tionscadail. Tacaíonn an ciste le réimse leathan tionscadal, ó thionscnaimh bheaga pobail go hobair athghiniúna ar scála níos mó.
An Dáta Deiridh d’Iarratais: Ar líne is gá gach iarratas a chur isteach https://submit.link/48d faoi 4pm Dé hAoine, an 31 Deireadh Fómhair 2025.
Tá treoirlínte go léir na scéime le fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe - https://www.galwaycity.ie/ga/services/pobal/dheontas-gniomhaiochta-pobail-cuimsiu-athghiniuna-forbairt-comhshaoil-cairde-2025
Seisiúin Eolais faoin Deontas:
Dáta | Ionad | Am |
---|---|---|
7 Deireadh Fómhair | Leabharlann na Cathrach | 1:00pm |
8 Deireadh Fómhair | Leabharlann an Bhaile Bháin | 1:00pm |
9 Deireadh Fómhair | Ionad Pobail Chnoc na Cathrach | 1:00pm |
Chun clárú do cheann do na seisiúin thuas, líon isteach an fhoirm chlárúcháin ar líne https://forms.office.com/e/tr9m61daWs
Seimineár Gréasáin Eolais Ar Líne Faoin Deontas:
🗓️ Dáta: 8 Deireadh Fómhair
🕖 Am: 7:00 PM
📧 Chun clárú, seol ríomhphost chuig: development@gccn.ie
Chun tuilleadh eolais a fháil:
Déan teagmháil le d’Oifigeach Forbartha Uirbí agus Pobail áitiúil:
Oifigeach | Ceantar | Fón Póca | Ríomhphost |
---|---|---|---|
Deirdre Keaney Cunningham | Iarthar Chathair na Gaillimhe | 087 146 5006 | deirdre.keaneycunningham@galwaycity.ie |
Oliver Lydon | Oirthear Chathair na Gaillimhe | 087 609 1460 | oliver.lydon@galwaycity.ie |
Natalie Coen | Lár Chathair na Gaillimhe | 087 110 3209 | natalie.coen@galwaycity.ie |