
TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe lena ndúnfar:
Páirc Phailmíre: Ó Acomhal an Chorráin / Pháirc Phailmíre go dtí Acomhal Bhóithrín na Sliogán / Pháirc Phailmíre.
Tréimhse an Dúnta: 24/7 Dé Máirt an 3 Meitheamh 2025 go dtí Dé hAoine an 27Meitheamh 2025.
Cúis: Chun uasghrádú práinneach an bhonneagair uisce a éascú.
Bealaí Atreoraithe: Beidh an bealach atreoraithe tríd an gCorrán, Saint Mary’s Road agus Ascaill Phailmíre.
Beidh slí isteach agus amach i gcónaí ag muintir an cheantair.
Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.
Is féidir an fógra agus an léarscáil seo a íoslódáil ónár suíomh gréasáin: www.galwaycity.ie