DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 – Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 – Airteagal 12 Fógra Rúin - Eastát an Ghoirt Chairn

Temporary Road Closure

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe ordú a dhéanamh go ndúnfar:-

Eastát an Ghoirt Chairn: An Bealach Isteach ó Dheas le Bóthar Pháirc an Chaisleáin.

Tréimhse an Dúnta: Dé Luain an 23 Meitheamh 2025 go dtí Dé Luain an 14 Iúil 2025.

Cúis: Oibreacha Taistil Ghníomhaigh a éascú feadh Bhóthar Pháirc an Chaisleáin agus Bhóthar an Bhaile Bháin.         

Bealaí Atreoraithe: Cuirfear trácht Eastát an Ghoirt Chairn ar mhalairt slí go sealadach trína Bhealach Isteach ó Thuaidh le Bóthar Pháirc an Chaisleáin.

Beidh slí isteach agus amach i gcónaí ag muintir an cheantair.

Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.

Is féidir doiciméid a iniúchadh ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, le linn uaireanta oifige, ó 9:00rn go 4:00in, Luan go hAoine, Féadfar agóidí a dhéanamh i gcoinne an dúnadh sealadach beartaithe a chur isteach i scríbhinn chuig an tUasal Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost chuig: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 nóin Déardaoin 5ú Meitheamh 2025.

 

 

Is féidir an fógra agus an léarscáil seo a íoslódáil ónár suíomh gréasáin:  www.galwaycity.ie