
TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe lena ndúnfar:
Páirc an Ardghoirt (Eastát) ón Acomhal den L-1001-0 & L-10011-0 (bealach isteach chuig Páirc an Ardghoirt), ina n-áirítear Bóthar Chnacán na carraige do 900m laistigh d’Eastát Pháirc an Ardghoirt. Leanann an bealach Corrán Oakley, Clós Choill an Chéadrais, Bóthar Ghleanntán na Fuinseoige, Céide an tSeiceamair, Bóthar Ard Mór agus Bóthar Avondale.
Tréimhse Dúnta: Ó 3.00i.n go dtí 6.30i.n, Dé Satharn 14ú Meitheamh 2025.
An Chúis: Le tús agus críoch rása bóthair an Criterium Cycle a éascú.
Bealaí Malartacha: Cuirfear bealaí malartacha ar fáil don trácht, i bhfoirm bealaí atreoraithe ar chomharthaí.
Bealaí Atreoraithe: Beidh rochtain áitiúil isteach agus amach ón eastát amháin (cónaitheoirí, etc). Beidh bealach ann ó Chéide an tSeiceamair agus Bóthar Chnocán na Feá.