DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Cinnidh - Eastát an Ghoirt Chairn

Temporary Road Closure

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:

Eastát an Ghoirt Chairn: An Bealach Isteach ó Dheas le Bóthar Pháirc an Chaisleáin

Tréimhse an Dúnta: Dé Luain an 23 Meitheamh 2025 go dtí Dé Luain an 14 Iúil 2025.

Cúis: Oibreacha Taistil Ghníomhaigh a éascú feadh Bhóthar Pháirc an Chaisleáin agus Bhóthar an Bhaile Bháin.  

Bealaí Atreoraithe: Cuirfear trácht Eastát an Ghoirt Chairn ar mhalairt slí go sealadach trína Bhealach Isteach ó Thuaidh le Bóthar Pháirc an Chaisleáin.

 

Beidh slí isteach agus amach i gcónaí ag muintir an cheantair. 

Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.