
TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:
Lána amach Bharr an Chalaidh (L-5150): Ó Phlás Uí Dhálaigh (L-5119) go pointe thart ar 29m soir ó dheas dá thrasnú le Bóthar Áth Cinn (R-866).
Tréimhse an Dúnta: 24/7 Dé hAoine an 27 Meitheamh 2025 go dtí Dé Luain an 1 Meán Fómhair 2025.
Cúis: Scéim Feabhsúcháin don Mhaireachtáil Lasmuigh.
Bealaí Atreoraithe: Beidh bealach atreoraithe sealadach i bhfeidhm trí Shráid San Proinsias, ag casadh ar dheis go hAscaill Naomh Uinseann ag leanúint ar aghaidh go dtí Barr an Chalaidh (L-5150).
Coinneofar bealach isteach áitiúil i gcónaí, lena n-áirítear ródú a chothabháil d'fheithiclí gan inneall trí Shráid San Proinsias agus Lána na Cúirte.
Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.