DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Cinnidh - Bóthar an Chaisleáin Ghearr L-5040

Temporary Road Closure

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:

Bóthar an Chaisleáin Ghearr L-5040: Ó acomhal Bhóthar Áth Cinn N-84 go hacomhal Bhóthar Thuama N-83. 

An Tréimhse Dúnta: Ó 8.30am go 5.00pm, Dé Máirt an 1 Iúil 2025 go dtí Dé hAoine an 25 Iúil 2025.

An chúis: Chun obair phlánála agus athdhromchlaithe a éascú.

Bealaí Atreoraithe: Beidh bealaí atreoraithe i bhfeidhm trí Bhóthar Áth Cinn, Bóthar an Chóiste agus Baile an Dúlaigh-Cluain Mhic Cáinín. 

Beidh rochtain áitiúil ar fáil an t-am ar fad.

Cuirfear  comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.