DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - Bhóthar Pháirc an Chaisleáin - An tSráid Nua Thiar agus an Chraein Bheag

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

 

An tSráid Nua Thiar agus an Chraein Bheag: Ó Bhóithrín na Sliogán go Sráid Anraí

An Tréimhse Dúnta: 24/7 ón Mháirt an 5 Lúnasa go dtí an Aoine an 5 Meán Fómhair.

An chúis: Chun uasghrádú práinneach ar an mbonneagar uisce a éascú.

Bealaí Atreoraithe: Bealach atreoraithe trí Ascaill Iósaif, Sráid Anraí agus Sráid Liam Thiar. Déanfar freastal ar rochtain áitiúil agus rochtain do sheirbhísí éigeandála ar feadh na scéime.

Beidh slí isteach agus amach i gcónaí ag muintir an cheantair.

Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar:  roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 nóin Déardaoin 24ú Iúil.