DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Cinnidh - Bóthar Pháirc an Chaisleáin

Temporary Road Closure

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:

An tAcomhal ar Bhóthar Pháirc an Chaisleáin: Céide Ghleann Abhann chuig/ó Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.

An Tréimhse Dúnta:  Dé Luain an 4 Lúnasa go dtí Dé Luain an 25 Lúnasa 2025.

An chúis: Scéim Líonra Rothaíochta (Taisteal Gníomhach) ar feadh Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.

Bealaí Atreoraithe: Cuirfear bealach isteach agus amach malartach ar fáil do Chéide Ghleann Abhann chuig/ó Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.

Beidh rochtain áitiúil ar fáil an t-am ar fad.

Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.