DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Cinnidh - Lána na Cúirte

Temporary Road Closure

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

Lána na Cúirte: Ar an taobh ó dheas de Lána na Cúirte ag acomhal Phlás Naomh Antaine. 

An Tréimhse Dúnta: 24/7 ó Dé Luain an 6ú Deireadh Fómhair go dtí Dé hAoine an 17ú Deireadh Fómhair 2025. 

An chúis: Chun oibreacha deisiúcháin tógála a dhéanamh

Bealaí Atreoraithe:   Beidh an bealach atreoraithe trí Plás Naomh Antaine, Sráid San  Proinsias agus Ascaill Naomh Uinseann.

Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.