DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - Bóthar na gCeannaithe

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

Bóthar na gCeannaithe: Ó Shráid Chnoc an Sconsa go Sráid na Banríona

An Tréimhse Dúnta: Ó 8pm go 5am, Dé Luain, an 17 Samhain 2025 go Dé hAoine, an 21 Samhain 2025.

An chúis: Obair dhuchtála BSL a éascú - nasc chuig Foirgneamh Lóistín nua do Mhic Léinn

Bealaí Atreoraithe: Bealach atreoraithe trí Shráid Chnoc an Sconsa, Bóthar na nDuganna, Bóthar na Long, Bóthar Loch an tSáile, Bóthar Fhaiche an Aonaigh agus Sráid Forster

Beidh slí isteach agus amach i gcónaí ag muintir an cheantair.

Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar:  roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12.00pm Dé Céadaoin 22ú Deireadh Fómhair.