TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:
Sráid na Banríona: Ó Bhóthar na gCeannaithe go Sráid Chnoc an Sconsa
An Tréimhse Dúnta: Ó 8pm go 5am, Dé Luain, an 10 Samhain 2025 go Dé hAoine, an 14 Samhain 2025.
An chúis: Obair dhuchtála BSL a éascú - nasc chuig Foirgneamh Lóistín nua do Mhic Léinn
Bealaí Atreoraithe: Beidh bealaí atreoraithe do thrácht atá ag dul i dtreo Shráid na Banríona taobh amuigh de Stáisiún Cheannt trí Oirthear na Faiche Móire, Cnoc na Radharc, Bóthar Uí Eithir, Bóthar Fhaiche an Aonaigh, Bóthar Loch an tSáile, Bóthar na Long, Bóthar na nDuganna, Sráid na nDuganna Nua agus Bóthar na gCeannaithe. Beidh an casadh ar dheis ó Bhóthar na gCeannaithe go Sráid na Banríona dúnta agus beidh bealach atreoraithe trí Shráid Chnoc an Sconsa.
Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.