TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:
Bóthar na gCeannaithe: Ó Shráid Chnoc an Sconsa go Sráid na Banríona
An Tréimhse Dúnta: Ó 8pm go 5am, Dé Luain, an 17 Samhain 2025 go Dé hAoine, an 21 Samhain 2025.
An chúis: Obair dhuchtála BSL a éascú - nasc chuig Foirgneamh Lóistín nua do Mhic Léinn
Bealaí Atreoraithe: Bealach atreoraithe trí Shráid Chnoc an Sconsa, Bóthar na nDuganna, Bóthar na Long, Bóthar Loch an tSáile, Bóthar Fhaiche an Aonaigh agus Sráid Forster
Beidh slí isteach agus amach i gcónaí ag muintir an cheantair.
Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.