TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:
Sráid Chnoc an Sconsa: Ó Bóthar na gCeannaithe go Sráid na Banríona.
An Tréimhse Dúnta: Ó 6pm go 6:30am, Dé Céadaoin, an 10ú Nollaig 2025 go Dé Sathairn, an 13ú Nollaig 2025.
An chúis: Chun oibreacha tógála a dhéanamh.
Bealaí Atreoraithe: Bealach atreoraithe trí Bóthar na gCeannaithe, Sráid na Banríona, agus Bóthar na nDuganna.
Beidh slí isteach agus amach i gcónaí ag muintir an cheantair.
Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.
Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12.00pm Dé Céadaoin 26ú Samhain 2025.