DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - Sráid Liam Thiar

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

Sráid Liam Thiar: Ón gCraein Bheag go hAscaill na Muimhneach

An Tréimhse Dúnta: 24/7 ón 12 Eanáir go dtí an 23 Eanáir 2026

An chúis: Chun uasghrádú práinneach a dhéanamh ar an mbonneagar uisce.

Bealaí Atreoraithe: Atreorófar trácht atá ag dul soir tríd an gCraein Bheag, An tSráid Nua Thiar agus Sráid Anraí. Atreorófar trácht atá ag dul siar trí Shráid Anraí, Ascaill Iósaif agus an Chraein Bheag.

Beidh slí isteach agus amach i gcónaí ag muintir an cheantair.

Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar:  roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 meán lar ar Déardaoin 11ú Samhain 2025.