TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:
Sráid na Cille: Ó acomhal Sráid na Siopaí go dtí acomhal Sráid Lombardach.
An Tréimhse Dúnta: 24/7 ó Dé Luain an 6ú Deireadh Fómhair 2025 go dtí Dé hAoine an 28ú Samhain 2025.
An chúis: Oibreacha athchóirithe sráide agus uasghrádaithe draenála.
Bealaí Atreoraithe: Beidh bealach atreoraithe sealadach i bhfeidhm trí Sráid an Phríomhgharda, ó Shráid na Siopaí íochtarach, isteach go Sráid Lombard.
Coimeádfar rochtain áitiúil mar a cheadaítear laistigh de na teorainneacha atá laistigh den chrios coisithe atá ann cheana féin.
Coinneofar rochtain do Fheithiclí Éigeandála.
Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.
Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 meán lar ar Dé Céadaoin 10ú Samhain 2025.