DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 – Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 – Airteagal 12 Fógra Rúin - Bóthar an Chlaí Bháin

Road Closure

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe ordú a dhéanamh go ndúnfar:-

Bóthar an Chlaí Bháin: Ó Acomhal Bhóthar an Chlaí Bháin / Ard na Gaoithe go hAcomhal Bhóthar an Chlaí Bháin / Bóthar Rathúin.

Tréimhse an Dúnta: 24/7 Dé Luain an 9ú Meitheamh 2025 go dtí Dé hAoine an 13ú Meitheamh 2025.

Cúis: Chun ceangal nua fuíolluisce a éascú d’fhorbairt nua.

Bealaí Atreoraithe: Beidh bealach atreoraithe sealadach i bhfeidhm trí Bhóthar Rathúin, Bóthar an Easpaig Uí Dhónaill, Gort na Bró, Bóthar Dáileacháin an Iarthair, Bóthar an Chlaí Bháin.

Beidh slí isteach agus amach i gcónaí ag muintir an cheantair.

Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.

Is féidir doiciméid a iniúchadh ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, le linn uaireanta oifige, ó 9:00rn go 4:00in, Luan go hAoine, Féadfar agóidí a dhéanamh i gcoinne an dúnadh sealadach beartaithe a chur isteach i scríbhinn chuig an tUasal Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost chuig: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 nóin Déardaoin 29ú Bealtaine 2025.