
Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil seanfhoirgneamh oibreacha uisce Chorparáid na Gaillimhe ar Bhóthar na Díge le hathfhorbairt. Déanfar ionad gníomhaíochta spóirt uisce den fhoirgneamh. Fáilte Éireann a chuirfidh maoiniú ar fáil don tionscadal faoin Scéim Platform for Growth a seoladh i mí Eanáir 2020, lena ndírítear ar shaoráidí gníomhaíochtaí spóirt uisce a fhorbairt ar fud na tíre le súil rannpháirtíocht i spórt uisce a mheadú feadh na bliana trí eispéireas an chuairteora a fheabhsú go mór.
Cuirfear áis spóirt uisce den chéad scoth ar fáil sa chathair leis an bhforbairt nua. An aidhm atá ann rannpháirtíocht i spórt uisce a mhéadú feadh na bliana trí eispéireas an chuairteora a fheabhsú go mór. Is iad na gnéithe is mó a bhainfidh leis an tsaoráid gléasta uile-aimsire seo an dearadh inmharthana agus inrochtana; ina mbeidh cithfholcadán; leithreas; áit shlán stórála; áit induchtaithe; áit suí amuigh; saoráidí chun trealamh a rínseáil; pointí eolais agus slándáil.
Táthar ag súil go leanfaidh an méadú atá ag teacht bliain i ndiaidh bliana ar an líon daoine a bhaineann sult as gníomhaíochtaí uisce-bhunaithe faoin aer amhail cadhcáil, tonnmharcaíocht, clárchéaslóireacht agus snámh faoin aer seachas le linn mhíonna an tsamhraidh amháin. Leis sin beidh éileamh mór ar shaoráidí gléasta uile-aimsire, ar áiteanna stórála slán agus ar leithris ag tránna agus ag áiteanna uisce intíre.
Maidir leis an scéala, dúirt Méara na Cathrach an Clr Mike Cubbard “Tacóidh an t-ionad spóirt uisce nua le geilleagar na háite agus leis an earnáil gníomhaíochtaí faoi aer trí chur go mór le heispéireas an chuairteora, trí dheiseanna nua gnó a chur ar fáil i bpobail áitiúla agus trí shíneadh a chur leis an séasúr turasóireachta níos faide ná gnáth-mhíonna an tsamhraidh.”
Dar le Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe “Chun aitheantas a bhaint amach mar cheann scríbe gníomhaíochtaí den chéad scoth, is den tábhacht é go ndéanfadh Gaillimh infheistíocht i mbonneagar gníomhaíochta láidir, in eispéireas an chuairteora agus cur le cumas soláthraithe gníomhaíochtaí. Cinnteoidh forbairt na saoráide seo go sásóidh agus go sáróidh éispéireas turasóireachta na Gaillimhe gach a mbíonn úsáideoirí ag súil leis, go dtiocfaidh feabhas ar inrochtaineacht chomh maith le feabhas ar rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas agus daoine fásta níos sine.”
Tá sé i gceist tús a chur leis an obair thógála in 2026.