
Tá fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh dheontas €250K do dhá thionscnamh i gCathair na Gaillimhe, mar chuid de ‘Chiste na Séadchomharthaí Pobail’ ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a fógraíodh níos luaithe an mhí seo. Déanfar ciste ar luach €130,000 a infheistiú i gCaisleán Mhionlaigh, agus déanfar €120,000 a infheistiú in Eaglais Choláisteach San Nioclás.
Úsáidfear an maoiniú seo do dheisiúcháin agus d’oibreacha caipitiúla riachtanacha le haghaidh caomhantais agus deisiúcháin ag an dá struchtúr.
Agus é ag labhairt faoi bhronnadh an chiste, dúirt an Clr Níall McNelis, Leas Mhéara Chathair na Gaillimhe, “Is cúis áthais dom an duais shuntasach €250K a bheith bronnta ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun dhá shéadchomhartha/dhéanmhas chosanta thábhachtacha a chosaint amach anseo. Ciallaíonn an duais faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail go mbeidh an dá shéadchomhartha iomráiteacha seo caomhnaithe, cosanta, agus go mbeidh feabhas ar an gcuma atá orthu, ionas go mbeidh glúnta amach anseo in ann sult agus taitneamh a bhaint astu.”
Leag an reachtaire, an tUrramach Lynda Peilow, béim ar an tábhacht a bhaineann le maoiniú i bhfoirm deontais chun creatlach Eaglais Choláisteach San Nioclás, agus an tábhacht a bhaineann léi ó thaobh na staire de, a chaomhnú. Dúirt sí go bhfuil “an maoiniú seo ríthábhachtach chun oidhreacht shaibhir an fhoirgnimh a chaomhnú, sa chaoi is go mbeidh oibreacha athchóirithe ag dul ar aghaidh i gcónaí agus go mbeidh gnéithe dá stair, nach rabhthas ar an eolas fúthu roimhe seo, á nochtadh.”
Dúirt an Propast Lynda freisin gur gá a thuiscint, “Cé gur eaglais bheo atá in Eaglais San Nioclás, gur suíomh oidhreachta atá ann freisin, atá an- tábhachtach ó thaobh stair na Gaillimhe de.” Ghabh sí buíochas as an tacaíocht a chuireann ar a gcumas tabhairt faoi oibreacha a theastaíonn a dhéanamh chun dul i ngleic le fadhbanna a bhíonn práinneach. Le dhá bhliain anuas, mar thoradh ar an maoiniú bhíothas in ann athrú suntasach a dhéanamh ar an gcroslann ar an taobh ó dheas den Eaglais, agus tá sí anois nach mór mar a bhí sí an lá ab fhearr.
Agus é ag cur síos ar na hoibreacha atá beartaithe, dúirt Brendan Dunne, Pleanálaí Sinsearach Feidhmiúcháin, “Is sainchomhartha iomráiteach é Caisleán Mhionlaigh ar abhainn na Gaillimhe, a bhíodh ina áit chónaithe do mhuintir de Bláca go dtí gur scriosadh i dtine é i dtús an 20ú haois. Tá tugtha faoi obair mhór le roinnt blianta anuas chun an caisleán a chaomhnú. Leithdháileadh maoiniú €130,000 chun tacú le hobair chomhdhlúthaithe agus dheisiúcháin ar an mballa dromlaigh lárnach, agus chun tosú ar an obair ar aghaidh shainiúil ‘tosaigh’ an Oirthir, lena n-áirítear obair a dhéanamh ar na fuinneoga móra.”
“Chomh maith céanna, is ‘eaglais i gcroílár na cathrach, agus an chathair i gcroílár na heaglaise’ í Eaglais Choláisteach San Nioclás. Tá an-tábhacht stairiúil ag baint leis an áit do mhuintir na Gaillimhe le hos cionn 700 bliain, ós rud é gurb í an eaglais pharóiste mheánaoiseach is mó in Éirinn í atá in úsáid mar ionad adhartha fós. Cuideoidh an maoiniú €120,000 seo leis an obair dheisiúcháin ar bhalla thoir na croslainne theas, atá ar siúl le roinnt blianta anuas a chur i gcrích; mar aon le haghaidh a thabhairt ar dheisiúcháin sheachtracha eile ar thúr an chloigthí freisin”.
€7.5 milliún ina iomláine a bheidh ar fáil go náisiúnta do thionscadail a thagann faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail 2025. Rinneadh iarratais a mheas ar bhonn:
-
Tábhacht an tséadchomhartha seandálaíochta
-
Éifeachtúlacht an tionscadail atá beartaithe chun aidhmeanna an chiste a bhaint amach
-
Cáilíocht na modheolaíochta agus fiúntas teicniúil an tionscadail atá beartaithe
-
An tairbhe atá ann don phobal nó don phobal i gcoitinne
Bhí péire as na 23 tionscadal ar éirigh leo maoiniú a fháil faoi ‘Shruth a 1’ lonnaithe i gCathair na Gaillimhe.