€466,000 do thionscadail Pobail ar Ghníomhú ar son na hAeráide i gCathair na Gaillimhe

People at launch of Climate Action Fund

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag glacadh le hiarratais anois ar chiste  Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide do ghrúpaí pobail chun a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun cabhrú leis an gCathair a dhícharbónú. Tacóidh an cistiú le tionscadail bheaga (suas le €20,000), meánacha (€21,000-€50,000), agus tionscadail ar mhórscála (€51,000-€100,000) i gcúig phríomhréimse: fuinneamh Comhphobail; taisteal; bia agus dramhaíl; siopadóireacht agus athchúrsáil; agus gníomhaíocht áitiúil ar son na haeráide agus an chomhshaoil.

Dúirt Méara Cathrach na Gaillimhe, an Clr. Mike Cubbard, “Is é an t-athrú aeráide an dúshlán is suntasaí do gach pobal i gCathair na Gaillimhe. Fáiltím roimh an gciste nua seo mar chéim thábhachtach bhreise chun ár spriocanna do 2030 a bhaint amach agus chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo Cathair na Gaillimhe a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 i gcomhréir le spriocanna an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide in Éirinn.”

Ag labhairt dó faoin gciste, dúirt Leonard Cleary Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is deontas fáilte é seo do ghrúpaí pobail a bhfuil súil acu páirt a ghlacadh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Tá iarfheistiú, painéil ghréine, gairdíní pobail, plandáil crann, páirceáil rothar agus tionscadail aeráide nuálacha i measc na samplaí den mhéid ar féidir iarratas a dhéanamh orthu leis an deontas seo.”

I measc na ngrúpaí incháilithe tá carthanachtaí áitiúla, ionaid phobail, grúpaí áitiúla comhshaoil, clubanna spóirt agus fiontair shóisialta. Sula ndéanfaidh siad iarratas, moltar go láidir do ghrúpaí teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Gníomhaíochta Pobail ar son na hAeráide de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun a gcuid smaointe a phlé ag 091 536 400 nó Climate@GalwayCity.ie

Tá iarratais oscailte ar líne anois, féach www.GalwayCity.ie/CommunityClimateActionFund

Is é an Aoine, an 12 Nollaig 2025 ag 5pm an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh.